Ceimiceán de shaghas a dtugtar caiteacólaimín air, a fheidhmíonn i gcuid mhaith ainmhithe mar néaratharchuradóir i néaróga simpiteacha is matáin, agus a fhuasclaítear (le haidréanailín) ag an meideall aidréineach. Bíonn gníomhuithe leathana aige: spreagadh an chroí, crapadh na bhfuileadán, scíth na mbroincíní is na conaire gastraistéigí. Taobh istigh den inchinn bíonn baint aige le rialú theocht na colainne, ionghabháil bia is uisce, agus rialú cardasoithíoch is riospráide.[1]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachNoraidréanailín
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach169.073893212 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólalpha-adrenergic agonist (en) Aistrigh, sympathomimetic drug (en) Aistrigh, vasoconstrictor agents (en) Aistrigh agus néaratharchuradóir
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₈H₁₁NO₃
SMILES canónta
Model 2D
C1=CC(=C(C=C1C(CN)O)O)O
SMILES isiméireach

C1=CC(=C(C=C1[C@H](CN)O)O)O
InChIModel 3D

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Noraidréanailín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 488.