Pádraig Mac an Choiligh

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach, Teachta Dála, craoltóir agus Iar-Uachtarán Parlaimint na hEorpa é Pádraig Mac an Choiligh (a rugadh ar 28 Samhain, 1952) (Pat Cox as Béarla). Ba bhall d’Fhianna Fáil, an Pháirtí Daonlathach agus an ELDR, grúpa na bhfeisirí Liobrálaigh i bParlaimint na hEorpa, é le linn a shaol pholaitiúil.

Pádraig Mac an Choiligh
Pat Cox (2009).jpg
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 25, 1989 - Iúil 18, 1994
District: Mumhan
Election: 1989 European Parliament election (en) Aistrigh
Teachta Dála

Nollaig 14, 1992 - Iúil 15, 1994
District: Corcaigh Lár-Dheisceart
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 19, 1994 - Iúil 19, 1999
District: Mumhan
Election: 1994 European Parliament election (en) Aistrigh
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 20, 1999 - Iúil 20, 2004
District: Mumhan
Election: 1999 European Parliament election (en) Aistrigh
21. Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Eanáir 15, 2002 - Iúil 20, 2004
Nicole Fontaine (en) Aistrigh - Josep Borrell
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Samhain 28, 1952(68 bliain d’aois)
Náisiúntacht Éire
Teanga dhúchais An Béarla
Oideachas
Alma mater Ollscoil Luimnigh
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir agus iriseoir
Áit oibre Strasbourg agus An Bhruiséil
Duais
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Alliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) Aistrigh

ÓigeCuir in Eagar

Rugadh i mBaile Átha Cliath é ar an 28ú Samhain 1952 ach d’fhás sé suas i gCathair Luimnigh, áit a raibh cónaí ar a mhuintir. Tar éis freastal ollscoile i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath dó, ceapadh mar léachtóir san eacnamaíocht san Fhoras Náisiúnta um Ardoideachais (anois Ollscoil Luimnigh) é sa bhliain 1979.

Tháinig sé isteach i bhFianna Fáil chun tacaíocht a thabhairt do Dheasún Ó Máille, Teachta Dála Luimneach Thoir agus Aire Tionscal agus Tráchtála agus sheas sé mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúil Chomhairle Cathrach Luimnigh i 1979. Níor éirigh leis suíochán a bhuachaint i Bhárd 1 ar bhruach thuaidh na cathrach.

Ba mar straitéisí polaitiúil ar an stáisiún raidió neamh-oifigiúil Big L i Luimneach a chéad phost mar chraoltóir agus ghnóthaigh sé ainm dó féin as a thuairiscí faoin dtrí Olltoghchán i mblianta 1981 agus 1982. Dá bharr sinn, ceapadh ina iriseoir ar dtús agus ina láithreoir níos déanaí ar phríomh-chlár polaitiúil an chraoltóra náisiúnta RTÉ, Today Tonight.

PolaiteoirCuir in Eagar

Dáil ÉireannCuir in Eagar

D’fhág Mac an Choiligh RTÉ nuair a bhunaigh Ó Máille le cabhair ó Riobárd Ó Maolluaidh agus Máire Ní Áirne An Páirtí Daonlathach i ndiaidh dá chaitheamh amach as Fianna Fáil ag Cathal Ó hEochaidh. Ba Chox an chéad Ard-Stiúrthóir an pháirtí nua. Toghadh mar Feisire Parlaimint na hEorpa do cheantar Mumhan é sa bhliain 1989 agus bhuaigh sé suíocháin i nDáil Éireann i nDáilcheanntar Corcaigh Lár-Theas trí bhliain ina dhiaidh sin.

Nuair a d’éirigh Ó Máille as cinnireacht a pháirtí, sheas Cox i gcoinne Ní Áirne ach buadh air tar éis comhraic an-ghéar. Nuair a tháinig an chéad thoghchán Eorpach eile sa bhliain 1994, ba mhian le Ó Máille go n-éireodh Cox as agus é féin a ainmniú mar an t-aon iarrthóir PD i dtogh-cheanntar na Mumhan.

San EoraipCuir in Eagar

Ós rud é go raibh clú éigin á bhaint amach aige cheana féin i measc an ghrúpa Liobrálach i Strasbourg, dhiúltaigh Mac an Choiligh éirí as a shuíochán. D’fhág sé na Daonlathaigh, sheas sé mar iarrthóir neamhspleách agus bhuaigh sé ar a shean-chara Ó Máille. Díreach i ndiaidh a thoghcháin, d'éirigh sé as mar Theachta Dála Corcaigh Lár-Theas.

Ceapadh mar cheannaire na Liobrálach é sa bhliain 1998 agus nuair tháinig seans an Uachtaránacht na Parlaiminte chucu sa bhliain 2002, bronnadh an gradam ar Chox.

Bhí an-suim aige i leathnú an Aontais Eorpaigh tar éis titim an chumannachais in Oirthear na hEorpa. Chomh maith le sin, d’oibrigh sé go dian chun go bhfaigheadh an Parlaimint tuilleadh thionchar ar chinniúintí Comhairle na nAirí.

Ba le linn Uachtaránacht Mhic an Choiligh ar chaith an Parlaimint Coimisiún Jacques Santer as oifig ar an 15ú Márta 1999 nuair a dhiúltaigh duine den fhoireann, Édith Cresson na Fraince éirí as i ndiaidh coiste fiosrúcháin á cáineadh go géar.

Le leathnú an Aontais, chaill Éire dhá shuíochán sa thionól nua agus, ós rud é ná raibh ach trí chinn acu fágtha i dtogh-cheantar na Mhumhan in áit cúig chinn sa thoghchán roimhe sin, níor sheas sé arís sa bhliain 2004.

Is Uachtarán Gluaiseacht na hEorpa é i láthair na huaire.