Páirc Mhic Asmaint
Is í Staid Mhic Easmuinn, Páirc Mhic Asmaint, Páirc Mhic Easmainn nó Casement Park mar a ghlaoitear uirthi as Béarla an príomh-staid spóirt ina imrítear na cluichí Gaelacha i gcathair Bhéal Feirste, Tuaisceart Éireann. Is san áit seo a imríonn na foirne as CLG Chontae Aontroma a gcluichí baile. Tagann ainm na páirce ón réabhlóidí Éireannach Ruairí Mac Easmainn, a crochadh tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Tá cóir suí le 32,000 duine ann.
Páirc Mhic Asmaint | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Ruairí Mac Easmainn | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Staid agus díol spéise do thurasóirí | |||
Foirgníocht | 1953 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1953 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Béal Feirste, Northern Ireland | |||
Suíomh | 88–104 Anderstonstown Rd, Belfast, BT11 9AN | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | CLG Chontae Aontroma | |||
Suíocháin | 32,600 | |||
Sealbhóir | CLG Chontae Aontroma | |||
Stair
cuir in eagarOsclaíodh Páirc Mhic Asmaint i mí an Mheithimh sa bhliain 1953, nuair a bhuaigh na Harps ó Ard Mhacha in éadan Naomh Sheáin ó Chontae Aontroma. Sa bhliain chéanna, imríodh an chéad chluiche ceannais peile Uladh sa pháirc. B'é Ard Mhacha a fuair an lámh in uachtar i gcoinne an Chabháin ar an ócáid sin.
Go hiomlán, imríodh ocht cluichí ceannais Uladh i bPáirc Mhic Asmaint.[1]
Druideadh Páirc Mhic Asmaint i mí an Mheithimh 2013 agus ní raibh baile buan ag an CLG in Aontroim ó shin.[2]
2020idí
cuir in eagarIn 2024, tar éis míonna de shiléig agus cur i gcéill na dTóraithe chinn an Lucht Oibre nach gcuirfí maoiniú ar fáil chun Staid Mhic Easmuinn a fhorbairt. Bhí an costas méadaithe go £400 milliún, dar leis na Státrúnaithe Hilary Benn agus Lisa Nandy agus an baol ann, fiú dá gceadófaí an caiteachas nach mbeadh an staid faoi réir in am don chomórtas sacair Euro 2028. I bhfianaise na deighilte is buaine i dTusiceart Éireann, bhí roinnt de lucht leanta sacair ríméadach nach mbeadh Euro 28 á imirt in iarthar ‘náisiúnach’ Bhéal Feirste. B’údar díomá é do mhóramh na ndaoine, daoine a mheas gur dheis amú é.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ gaa.ie (2012). "Aogán O Fearghail, Uachtarán Chomhairle Uladh CLG". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Jack Mac Íomhair (2024-09-17). "Ní leor rialtas nach bhfreastalaíonn ar riachtanais" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-09-18.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (18 Meán Fómhair 2024). "Ní méiseáil go dtí Staid Mhic Easmuinn, scéal na ‘City deals’ agus cás mharú Sheán Brown" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-18.
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |