Pól Ó Foighil

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach ab ea Pól Ó Foighil. Bhásaigh sé ar 21 Márta, 2005, é tar éis tinnis fhada in aois a 77 bliain. Tháinig sé go Cois Fharraige i 1953, agus bhí sé i gcónaí gníomhach ag cuidiú le pobail Ghaeltachta agus chloígh sé go daingean leis an nGaeilge. Bhí baint mhór aige le bunú comharchumann agus lena bhforbairt, go háirithe i gceantair Chonamara agus Árainn.

Pól Ó Foighil
Pól Ó Foighil.jpg
Seanadóir na hÉireann

Deireadh Fómhair 1, 1989 - Nollaig 17, 1992
Dúiche: Rolla Oibreachais
Saol
Eolas breithe1ú Meitheamh 1928
NáisiúntachtÉire
Bás21 Márta 2005
Oideachas
Alma materOllscoil na hÉireann, Gaillimh
Teangachaan Ghaeilge
Gairm
Gairmpolaiteoir

Sheas sé mar iarrthóir neamhspleách i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar sa bhliain 1975 ach níor éirigh leis. Chuaigh sé isteach i bhFine Gael sa bhliain 1979 agus toghadh é mar bhall den Chomhairle Chontae agus d'Údarás na Gaeltachta níos déanaí sa bhliain chéanna. Sheas sé trí uaire níos mó don Dáil ach níor toghadh é. Chaith sé tréimhse ina sheanadóir ón mbliain 1989 go 1993, agus níor labhair sé ach Gaeilge ar feadh an ama, rud a spreag bunú rannóg cheart aistriúcháin ansin.

Ar an gCnoc in aice leis an Spidéal a bhí cónaí air lena bhean, Chrissie, a bhásaigh ar an 25ú d'Aibreann 2007. Maireann seisear clainne leis. Chuir mac leis lámh ina bhás féin agus é ina ógfhear.