Paddy Bushe

file Éireannach

File Éireannach is ea Paddy Bushe a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Scríobhann sé i mBéarla agus i nGaeilge, agus tá sé ina chónaí i mBaile na Sceilge, Ciarraí. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht air chun cnuasach dátheangach a chumadh a bhaineann le taisteal sa Chianoirthear.

Infotaula de personaPaddy Bushe
Beathaisnéis
Breith1948
75/76 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Rinne Bushe scannán cáipéise dar theideal The Truth About Kathmandu, a taispeánadh den chéad uair i bhFómhar na bliana 2009. Freagra a bhí ann ar an scannán Fairytale of Kathmandu, a chuir tús le conspóid faoi Chathal Ó Searcaigh, file. I scannán Bushe cuireadh agallamh in athuair ar roinnt fear óg a bhí in Fairytale agus dearcadh níos báúla i leith Uí Shearcaigh ann.[1]

Saothair cuir in eagar

  • Poems With Amergin (Baile Átha Cliath, Beaver Row Press, 1989)
  • Teanga le Iain Mac a' Ghobhainn. Paddy Bushe a d’aistrigh (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 1990).
  • Counsellor (Ciarraí, Sceilg Press, 1991)
  • Digging Towards The Light (Baile Átha Cliath, Dedalus Press, 1994)
  • In Ainneoin na gCloch (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2001)
  • Hopkins on Skellig Michael (Baile Átha Cliath, Dedalus Press, 2001)
  • The Nitpicking of Cranes, (Dedalus, 2004)
  • An Góstfhear, (Coiscéim, 2004)
  • Gile na Gile, (Coiscéim, 2005)
  • To Ring in Silence, new and selected poems (Dedalus, 2008)
  • My Lord Buddha of Carraig EannaSilence, new and selected poems (Dedalus, 2012)
  • Ó Choill go Barr Ghearáin, (Coiscéim, 2013)
  • On a Turning Wing (Dedalus, 2012)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Kathmandu revisited to clear poet’s name, Colin Coyle, The Times, 13 Meitheamh 2009, curtha i dtaisce ar 13 D.F. 2009