Pairicrín
Teachtaire ceimiceach (cosúil le prostaglaindin, sómatastatain paincréasach, is cininí) a dhéanann cealla ar leith, a fhuasclaíonn isteach sa sreabhán eachtarcheallach iad le taisteal chuig cealla cóngaracha is feidhm rialaithe a dhéanamh ansin. Díghníomhachtaítear é go tapa ag einsímí áitiúla. Is féidir go bhfeidhmeoidh sé mar hormón, néarahormón nó néaratharchuradóir áit eile sa cholainn. De réir comhghnáis, ní rangaitear na néaratharchuradóirí mar phairicríní.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pairicrín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 504.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |