I dtonnghluaisne ar mhinicíocht amháin, an codán de thimthriall a bhíonn críochnaithe ag athróg ama sa chás go gcomhfhreagraíonn timthriall iomlán do 2 π (rad). Mar mhalairt, argóint feidhme a chuireann síos ar thonnghluaisne. Is ionann an phasdifríocht (i rad) agus an oiread is atá tonn amháin chun tosaigh nó chun deiridh ar thonn eile. Nuair is ionann an phasdifríocht le 0 nó 2 π, bíonn na tonnta sin i gcomhphas, ach nuair is ionann le π í, bíonn na tonnta sin i bhfrithphas. Is athrú pais é pasaistriú cosúil lena dtarlaíonn i bhfrithchaitheamh (mar shampla, maidir le solas, tarlaíonn pasaistriú de π le frithchaitheamh i scáthán). Má bhíonn dhá thonn le pasdifríocht thairiseach eatarthu, deirtear go bhfuil siad comhleanúnach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 508.