Peiptíd aitriach shóidiambhrostach
Peiptíd a aonraítear ó ghráinníní a fhaightear taobh istigh de chealla na matán in aitriamaí mamach áirithe (mar shampla, i bhfrancaigh is daoine). Coisceann an ceimiceán seo athionsú an tsóidiam ag fidíní na nduán, an tál reinin, is an hormóin antafhualaigh. Laghdaíonn sé brú na fola freisin. Is féidir go bhfeidhmíonn an pheiptíd seo mar hormón le ról i rialú an tsalainn is an uisce sa cholainn, agus rialú bhrú na fola.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peiptíd aitriach shóidiambhrostach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |