Pelé
Imreoir sacair as Três Corações, an Bhrasaíl ab ea Pelé (a rugadh Edison Arantes do Nascimento ar an 23 Deireadh Fómhair 1940 agus d'éag 29 Nollaig 2022). Feictear air mar an t-imreoir is fearr a d'imir an spórt riamh, agus tugtar an leasainm An Rí air go minic.[1] Idir na blianta 1956 agus 1977, nuair a d'éirigh sé as an spórt, scóráil sé níos mó ná míle cúl don fhoireann Santos, agus bhuaigh sé trí Chorn Domhanda le foireann náisiúnta na Brasaíle.
Saol
cuir in eagarBa é Edison Arantes do Nascimento an fíorainm a thug a thuismitheoirí air, in ómós Thomas Edison. Ag tús a shaoil, baintí úsáid as an leasainm Dico.
Fuair sé an leasainm Pelé agus é sa mheánscoil, nuair a d'fhuaimnigh sé ainm a laoich Bilé mícheart (dúirt sé "Pilé" in áit "Bilé"). Níor mhaith leis an ainm ar dtús, agus bhuail sé dorn ar an chéad duine a thug an t-ainm sin air. Scríobh Pelé ina dhírbheathaisnéis nach raibh smaoineamh ar bith aige fhéin nó ag a chairde faoin chiall. Tá sé cosúil leis an bhfocal Gaeilge peil, agus tá focal Eabhraise leis an bhfuaimniú céanna a chiallaíonn “iontas” (פֶּלֶא, mar a scríobhtar é sa teanga úd).
Éachtaí
cuir in eagarIs é an t-éacht is cáiliúla a rinne Pelé ná scóráil sé 1,279 gcúl le linn 1,363 chluiche mar imreoir proifisiúnta, éacht atá aitheanta mar churiarracht dhomhanda Guinness.[2]
Scóráil sé an ceathrú méid is mó cúl i gcluichí idirnáisiúnta, tar éis Ronaldo, Gerd Muller agus Just Fontaine (77 cúl i 92 cluiche).
Bhuaigh sé an duais FIFA "Imreoir na Bliana" dhá uair, agus "Imreoir na Fichiú hAoise".
Bhuaigh sé trí Chorn Domhanda sna blianta 1958, 1962 agus 1970. Fuair sé cúl in dhá chluiche ceannais sa Chorn Domhanda (1958 agus 1970).[3]
Sa bhliain 2005, bhronn an BBC an BBC Sports Personality of the Year Lifetime Achievement Award air.
Bás
cuir in eagarBhuail ailse drólainne é agus bhásaig Pelé ar 29 Nollaig 2022 san ospidéal i São Paulo, in aois 82 dó.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Ómós do Pelé ó laochra, agus Uachtarán Micheál D Ó hUiginn" (en-GB) (2022-12-31). Dáta rochtana: 2022-12-31.
- ↑ Conradh na Gaeilge (31 Nollaig 2022). "Nuacht Mhall (podcast), Baile Átha Cliath" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-04.
- ↑ "List of international goals scored by Pelé" (as en) (2022-12-29). Wikipedia.