Philip Evans agus John Lloyd
Ba naoimh Chaitliceacha as an mBreatain Bheag iad Philip Evans agus John Lloyd. Rugadh Philip Evans ar 1645 i dTrefynwy agus fuair sé bás ar an 22 Iúil 1679, i bPwllhalog. Rugadh John Lloyd i mBrecknockshire agus fuair sé bás ar an 22 Iúil 1679 i bPwllhalog in éineacht le Philip Evans. Sagairt iad a bhí ar Dhaichead Mairtíreach Shasana agus na Breataine Bige.
Beathaisnéis | |
---|---|
Siocair bháis | Pionós an bháis |
Gníomhaíocht | |
Ord crábhaidh | Cumann Íosa |
Philip Evans
cuir in eagarRugadh Philip Evans in Monmouth sa bhliain 1645. Oileadh é sa choláiste úd St. Omer (sa Fhrainc anois), chuaigh sé isteach i gCumann Íosa Watten ar 7 Meán Fómhair 1665, agus oirníodh é in Liège (sa Bheilg anois). Cuireadh chuig an Bhreatain Bheag Theas é mar mhisinéir sa bhliain 1675.[1][2]
John Lloyd
cuir in eagarB'as Sir Frycheiniog i ndeisceart Powys don Athair John Lloyd. Gnáthshagart gan bhaint le hord reiligiúnda a bhí ann. [3] Oileadh é in Ghent (sa Bheilg inniu) agus ón mbliain 1649 sa Choláiste Sasanach in Valladolid, sa Spáinn.[4] Ghlac sé 'mionn an mhisinéara' ar 16 Deireadh Fómhair 1649 chun páirt a ghlacadh sa Mhisean Sasanach. Cuireadh chun na Breataine Bige sa bhliain 1654 le freastail ar Chaitlicigh cheilte, rud a rinne sé ar feadh ceithre bliana is fichead. Gabhadh é i dteach Mr Turberville in Penllyn, i nGleann Glamorgan, ar 20 Samhain 1678, agus cuireadh i bPríosún Cardiff Gaol é. Cuireadh an tÍosánach, Philip Evans, in éindí leis tamall ina dhiaidh sin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ""Saints and Martyrs", The Jesuits". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-01. Dáta rochtana: 2017-11-24.
- ↑ "Liturgy Office of Wales".
- ↑ Inscription on a portrait in the Royal English College, Valladolid: "San Juan Lloyd, natural de Brecknockshire, Gales, colegical y sacerdote de este Colegeio de San Albano, murió por la fe católica fuera de Cardiff, Wallia, el 22 de Julio de 1679" (Saint John Lloyd, a native of Brecknockshire, Wales, student and priest of this College of St Alban, died for the Catholic faith outside Cardiff, Wales, on 22 July 1679). Image at "Ramblings from a Welshwoman abroad".Teimpléad:Self-published source, low-resolution image at "ST. John LLOYD". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Eanáir 2014. Dáta rochtana: 30 Samhain 2017.
- ↑ ""St. John Lloyd", Royal English College, Valladolid". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-14. Dáta rochtana: 2017-11-30.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |