Pléiseasár
Is reiptíl mhuirí ón ré Mhéiseasóch é an pléiseasár.[1] An cholainn leathan dluth, le géaga móra mionathraithe ina gcéaslaí. An muineál fada de ghnáth, an ceann beag le soc fada ag iompar fiacla géara chun gur féidir leis éisc a ithe. Tugtar pléasáir ar na foirmeacha le muineál gearr.[2] Bhí cónaí orthu sna haigéin ar fud an domhain. Chuaigh siad in éag ag deireadh na Tréimhse Chailceach, chomh maith leis na Dineasáir.
Plesiosauria | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Bilateria |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Forord | Sauropterygia |
Ord | Plesiosauria Blainville |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): pléiseasár” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-31.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pléiseasár". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |