Planda seadánach
Planda a fhaigheann a chothú go léir is/nó a dhídean ó phlanda eile ar bhonn buan nó neamhbhuan. Ní féidir le seadáin éigeantacha maireachtáil ach ar an mbealach seo. Tá seadáin roghnacha ann ar féidir leo maireachtáil gan an t-óstach faoi chúinsí ar leith. Is mar seo cuid mhaith fungas, agus tá plandaí mar seo freisin. Maidir le plandaí bláthaithe, tá dhá shaghas seadán: ionseadáin a mhaireann taobh istigh den óstach ach a chuireann na bláthanna amach tríd an gcoirt le pailniú is na síolta a scaipeadh, agus eicteaseadáin a mhaireann taobh amuigh den óstach ach a bhíonn greamaithe leis le horgáin ite chun cothaithe a tharraingt ó chóras soithíoch an óstaigh. Tá grúpa i bhfad níos mó de leathsheadáin le duilleoga glasa atá in ann cuid de na cothuithe a dhéanamh dóibh féin, ach a bhfuil orgáin fhréamhacha acu, mar atá ag na heicteaseadáin, chun cothú a fháil ón óstach. I measc na leathsheadán tá an smúitiúlacht is an roisnín radhairc. Ní seadáin gach planda a fhaigheann cuid dá chothú ó phlanda eile. Maireann cuid acu, cosúil leis na magairlíní is baill de chlann na bpiseanna, i ngaol siombóiseach leis an óstach. Cuid eile, is sapraifítí iad, agus cuid eile ina bplandaí creiche.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Planda seadánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 524.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |