Fórsa leictreaghluaisneach (emf) a tháirgtear trasna cumair idir dhá mhiotal éagsúla ag an teocht chéanna. Bíonn an emf seo díreach i gcomhréir leis an difríocht idir feidhmeanna oibre an dá mhiotal. Is amhlaidh go n-ascnaíonn leictreoin ó mhiotal amháin go dtí an miotal eile, rud a mhéadaíonn an emf go mbíonn an deacracht chéanna ag leictreon aistriú ón dá mhiotal. Tarlaíonn an feiniméan céanna i leith dhá miotal chomhionanna ach iad a bheith ag teochtaí difriúla. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo i dteirmeachúplaí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Poitéinseal teagmhála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.