Próiseas Bessemer
Próiseas coigilteach chun muciarann (iarann le toilleadh mór carbóin, díreach ón bhfoirnéis soinneáin) a thiontú ina chruach (cóimhiotal iarainn le toilleadh beag carbóin) is ea an Próiseas Bessemer[1] .
Séidtear aer tríd an muciarann leáite, cuingríonn an ocsaigin san aer le carbón ón gcóimhiotal le dé-ocsaíd charbóin a dhéanamh, agus sceitheann an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar. Gineann an t-imoibriú seo tuilleadh teasa a choinníonn an cóimhiotal leáite.
Ba phróiseas i bhfad níos coigiltí é ná an próiseas teallaigh oscailte a bhí in úsáid roimhe sin. Bhí an prionsabal ar eolas ag na Sínigh is na Seapánaigh faoin 17ú céad, agus máistir ceartá iarainn, William Kelly (1811-1888), sna Stáit Aontaithe i 1846, ach thug Henry Bessemer an próiseas isteach go rathúil sa Bhreatain ar bhonn trádálach i 1856 agus ainmníodh as é.
Mar thoradh ar an bpróiseas tábhachtach seo, cuireadh cruach ar fáil go forleathan, agus d'eascair an-chuid próiseas nua tionsclaíochta a d'athraigh an domhan ó bhonn.
Mar shampla, tógáil ilstórach, tógáil droichead le cruach is coincréit atá treisithe le barraí cruach, déanamh bóithre treisithe, déanamh inneall, agus de réir a chéile, gluaisteán is a lán lán eile.
Stair
cuir in eagarTosaíodh ar dhéanamh cruach sa tSín roimh an 6ú céad, agus thosaigh a táirgeadh ar mhórscála san iarthar i 1856 le próiseas Bessemer.
Féach freisin
cuir in eagar- TealIach oscailte. Feidhmíonn sé le hiarann ó mhianaigh, rud nach féidir a dhéanamh le próiseas Bessemer.
- Cruach.
- Henry Bessemer.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próiseas Bessemer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 72.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |