Teicníocht chun carbónáit sóidiam, alcaile thábhachtach thionsclaíoch, a tháirgeadh. Shaothraigh an ceimicí Beilgeach Ernst Solvay (1838-1922) é i 1865, agus d'fheabhsaigh Ludwig Mond é i 1870. Déantar clóiríd sóidiam a chóireáil le hamóinia, agus ina dhiaidh sin le dé-ocsaíd charbóin. Uaidh sin faightear décharbónáit sóidiam (a théitear chun an charbónáit sóidiam a tháirgeadh) agus clóiríd amóiniam (a dhéantar a chóireáil le sóid chun an amóinia a fháil ar ais le hathúsáid).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseas Solvay". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.