Péist leata sheadánach, cosúil le duilleog, le súiteoir béil ar a tosach coirceogach a dhéanann an t-uafás damáiste do bheithígh is caoirigh. A thimthriall beatha casta, le seilide mar óstach idirmheánach ina dtarlaíonn atáirgeadh neamhghnéasach. Is veirteabrach an t-óstach deireanach, go minic caora. Táirgeann sé na mílte uibheacha i nducht domlais an óstaigh. Scaoiltear na huibheacha amach le fuílleach an óstaigh agus tagann larbhaí astu. Tollann na larbhaí sin cos bhog seilide uisce, an dara óstach, agus méadaíonn ansin. Scaoiltear na larbhaí as an seilide agus tálann siad craiceann láidir timpeall orthu féin (is cist an struchtúr seo, agus is fadtéarmach é). Itheann caoirigh is beithígh féar ar a mbíonn cisteanna, agus déanann na cisteanna a mbealach ón stéig bheag chuig an ae, as sin go dtí ducht an domlais. Cailleann feirmeoirí na tíre seo suas le €25 milliún in aghaidh na bliana de thoradh imeachtaí an tseadáin. Maraíonn sé an chaora nó cuireann isteach air sa chaoi go mbíonn drochshláinte is olann ar chaighdeán íseal aige. Cailleann beithígh meáchan, déantar damáiste don ae iontu, agus laghdaíonn a dtorthúlacht dá bharr. Íslítear táirgeadh an bhainne is caighdeán na feola chomh maith.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Puchán ae". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 541.