Córas chun ionstraimí méarchláir is téadionstraimí le cipíní méire a thiúnadh, ina ndéantar cuid d'idirchéimeanna íona na tuine cirte a réiteach rud beag síos nó suas chun scála comhréitithe a chruthú. Tháinig sí chun cinn sa 19ú céad, agus tá 12 leath-thon san ochtach ann (an t-aon idirchéim íon sa chóras seo). Rinne na córais thiúnta a bhíodh ann roimhe sin comhghéillte éagsúla maidir le híonacht na n-idirchéimeanna, éagsúlacht an ghléis is solúbthacht an mhodhnaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réiteacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.