Rós talún
Tom nó crann beag, Protea odorata,[1] dúchasach don Afraic thrópaiceach is an Afraic Theas go háirithe, mar a bhfuil cuid mhaith cineálacha. Na duilleoga iomlán nó roinnte, leathrúil. Le fírinne, is bláthraí na bláthanna móra éagsúla, agus cuimsíonn siad an-chuid fíorbhláthanna beaga ina lár is brachtanna righne mórthimpeall orthu, go minic gealdaite, a bhíonn cosúil le peitil.[2]
Protea odorata | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
I mbaol criticiúil | |
UICN | 113211471 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Proteales |
Fine | Proteaceae |
Géineas | Protea |
Speiceas | Protea odorata Thunb., 1800 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Protea odorata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rós talún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 567.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |