Rabairt Bontine Coineagan Greumach

polaiteoir Briotanach (1852-1936) Briotanach

Polaiteoir, scríbhneoir, iriseoir agus eachtránaí ab ea Rabairt Bontine Coineagan Greumach (Béarla; Robert Bontine Cunningham Graham), agus an chéad fheisire parlaiminte sóisialach riamh sa Bhreatain. Bhunaigh sé ní hamháin Páirtí an Lucht Oibre, ach bhunaigh sé Páirtí Náisiúnta na hAlban freisin.

Rabairt Bontine Coineagan Greumach
Robert Bontine Cunninghame Graham00.jpg
Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Iúil 1, 1886 - Meitheamh 28, 1892
Dúiche: North West Lanarkshire (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1886
Saol
Eolas breitheLondain, 24 Bealtaine 1852
NáisiúntachtAn Spáinn
An Ríocht Aontaithe
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBuenos Aires, 20 Márta 1936
Áit adhlacthaInchmahome Priory (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (niúmóine)
Muintir
AthairWilliam Cunninghame Graham Bontine
MáthairAnne Elizabeth Bontine (née Elphinstone-Fleeming)
Céile/CéilíGabriela Cunninghame Graham (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materHarrow School (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis
an Béarla
Gairm
Gairmtaiscéalaí, teangeolaí, polaiteoir, staraí, aistritheoir, iriseoir, beathaisnéisí, scríbhneoir, world traveler (en) Aistrigh agus iriseoir tuairime
Áit oibreLondain
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
An Páirtí Liobrálach

Múinteoir Spáinnise a bhí i seanmháthair a mháthair, Doña Catalina Paulina Alessandro de Jiménez. Ach in ainneoin a thógáil uasal, ba shóisialach é Rabairt a throid ar son cearta daoine eile, in Albain agus thar lear. Cé gur rugadh Rabairt i Londain sa bhliain 1852, chaith sé an chuid is mó dá óige ar eastát an teaghlaigh, Finlaystone House, in Inbhir Chluaidh agus in Ardoch Siorrachd Dhùn Breatann. . Bhí baint aige leis an Spáinn, agus ó tharla go raibh tionchar mór ag a mháthair agus a sheanmháthair ar Rabairt óg, ba í an Spáinnis a chéad teanga.


Chuaigh Coineagan Greumach chuig scoil chónaithe Harrow, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an Airgintín le haghaidh eallach a bheathú. Bhain sé cáil amach mar eachtránaí agus Gaucho. Chuaigh sé go Maracó faoi bhréagriocht mar síc Turcach, mhúin sé pionsóireacht i Meicsiceo, agus bhí sé ina chairde le Buffalo Bill é féin i dTexas .

Mar sin féin, agus é ag taisteal thar lear, chonaic sé an taobh eile d’Impireacht na Breataine, agus an dochar a bhí á dhéanamh aici do na pobail dhúchasacha. .