Táirgeadh íomhá fhótaghrafach (le fírinne, scáthíomhá) struchtúir a dtéann X-ghathanna, gáma-ghathanna nó leictreoin tríothu. Ionsúitear na radaíochtaí seo go difreálach sna hábhair is na codanna éagsúla sa struchtúr, agus táirgeann dlúis nochta dhifriúla ar an eibleacht fhótagrafach. Rinne Röntgen an chéad radagraf i 1895, agus faoi seo tá an teicníocht forbartha is in úsáid go forleathan sa mhíochaine is i gcomhair tástála neamh-mhilltí sa tionscal.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Radagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 544.