Richard Kirwan
Ceimicí a rugadh i gCloch an Bhaile Mhóir, Contae na Gaillimhe, ab ea Richard Kirwan (1 Lúnasa 1733 – 22 Meitheamh 1812). Chuaigh sé le sagartóireacht ar dtús, ach d'athraigh go luath don cheimic. I Londain (1777-1787) chuidigh sé le bunú na steiréiceimice is na ceimice cainníochtúla. Rinne sé taighde ar fhiníocht cheimiceach, imoibrithe ceimiceacha, agus ceimic iarainn trí thíotraiméadracht. Scríobh sé an chéad saothar cuimsitheach ar an mianreolaíocht sa Bhéarla, Elements of Mineralogy (Uraiceacht na Mianreolaíochta, 1784), An Essay on the Analysis of Mineral Waters (Aiste ar Anailís Uiscí Mianracha, 1799), An Essay on Phlogiston and the Constitution of Acids (Aiste ar Fhlógastón agus Comhdhéanamh Aigéad, 1787), ag cosaint coincheap an fhlógastóin, agus cuid mhaith eile. Rinne sé obair shuntasach ar an meitéareolaíocht trí chlár teochtaí ag domhanleithid idir an meánchiorcal is na Moil a thógáil. Thug sé an mhianreolaíocht isteach den chéad uair in Éirinn.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Lúnasa 1733 Contae na Gaillimhe |
Bás | 22 Meitheamh 1812 78 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic |
Gairm | ceimiceoir, eolaí, meitéareolaí, geolaí |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Richard Kirwan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |