Ruairí Mac Easmainn
Taidhleoir, daonnúlach agus náisiúnaí Éireannach ab ea Ruairí Dáithí Mac Easmainn, nó Roger Casement (1 Meán Fómhair 1864 - 3 Lúnasa 1916). Bhí ról cinniúnach aige in imeachtaí na bliana 1916, agus chuir sé Éire ar bhóthar an neamhspleáchais.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Roger Casement |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1 Meán Fómhair 1864 Cuas an Ghainimh |
Bás | 3 Lúnasa 1916 51 bliana d'aois Príosún Pentonville, England |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon (1965–) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh an Bhaile Mheánaigh |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Beirlín |
Gairm | taidhleoir, polaiteoir, consal, file, scríbhneoir, réabhlóidí |
Fostóir | Oifig Gnóthaí Eachtracha |
Ball de pháirtí polaitíochta | Óglaigh na hÉireann |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Eile | |
Athair | Roger Casement agus Anne Jephson |
Siblín | Tom Casement |
Ciontaíodh i | tréas (1916) |
Gradam a fuarthas | |
Saol
cuir in eagarRugadh Mac Easmainn i gCuas an Ghainimh, in aice le Baile Átha Cliath. Bhí a athair ina Phrotastúnach, ach d'fhéach a mháthair chuige go bhfuair sé baiste an Chaitlicigh ar chúla téarmaí. Cailleadh an bheirt acu nuair nach raibh Ruairí ach óg, agus b'iad muintir a athara i gCúige Uladh a thóg é.
Ar dtús, bhain an tEasmannach cáil amach leis an tuairisc a thug sé ar an léirscrios a rinne anlathas Rí na Beilge, Leopold, ar Chongó na Beilge.
Ina dhiaidh sin, chuaigh Mac Easmainn le gluaiseacht an neamhspleáchais in Éirinn.
Éirí amach
cuir in eagarBhí an tEasmannach ina idirghabhálaí rúnda ag iarraidh armálacha Gearmánacha a sholáthar do reibiliúnaigh na Cásca. Bhí sé ar intinn ag Mac Easmainn saighdiúirí Éireannacha a earcú as na priosúnaigh chogaidh sa Ghearmáin le linn an Chogaidh Mhóir.
I Lúnasa 1914, tháinig Ruairí Mac Easmainn go Meiriceá, áit a raibh sé ag fáil tacaíochta do na hÓglaigh in Éirinn agus ag cur aithne ar dhaoine in ambasáid na Gearmáine, agus mar sin de.
Ar 31 Deireadh Fómhair 1914, tháinig Ruairí Mac Easmainn go Beirlín ó Mheiriceá. Bhuail sé le Arthur Zimmermann, Fo-Rúnaí Stáit in Oifig Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, agus le Theobald von Bethmann Hollweg, Seansailéir na hImpireachta. D'fhógair seisean go bhfuil an Ghearmáin ar son chúis na Náisiúnaithe. Thosaigh Mac Easmainn ag earcú don “Bhriogáid Éireannach” i measc príosúnaigh chogaidh Éireannacha, iarrachtaí gan toradh ar dtús.[3]
Bhunaigh sé an ‘Bhriogáid Éireannach’ sa Ghearmáin sa bhliain 1915. Thug sé an sáirsint Robert Monteith[4] in éineacht leis, a bhí ina theagascóir druile le hÓglaigh na hÉireann i Luimneach, chun a bheith mar Phríomh-Oifigeach na Briogáide. Shroich siad chuig Campa Priosúnaigh Chogaidh Zossen, a bhí fiche míle ó dheas ó Bheirlín, ar 26 Deireadh Fómhair 1915.[3]
Tháinig rath ar bith ar an eagraíocht; ní raibh ach 56 fhear inti an bhliain dár gcionn. Fuair Mac Easmainn airm agus armlón sa Ghearmáin sa bhliain 1916 le haghaidh na reibiliúnach, ach ní raibh an cúnamh chomh maith agus a cheap sé a bheadh.[5]
Ar an 11 Aibreán 1916, sheol Mac Easmainn ó Wilhelmshaven ar a bhealach go hÉirinn ar bhord an fhomhuireáin U19 le súil go mbuailfeadh sé leis an long "Aud" i gContae Chiarraí, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.
Go luath maidin Aoine an Chéasta 1916 (21 Aibreán 1916), tháinig Mac Easmainn, Robert Monteith agus Daniel Bailey i dtír ar Thrá na Beannaí tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach, inar thaistil siad ón Ghearmáin, a fhágáil. Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an Aud. D’fhan Mac Easmainn, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, ag Dún Mhic Cionnaith, fad a d’imigh Monteith agus Bailey go Trá Lí.
Gabhadh Mac Easmainn agus cuireadh i bpríosún i Sasana é.
Ar a chloisteáil d’Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann, go raibh Mac Easmainn gafa agus na hairm ón nGearmáin caillte, d’ordaigh sé an tÉirí Amach, a bhí beartaithe do Dhomhnach Cásca, a chur ar ceal.
Basú
cuir in eagarCuireadh an tEasmannach chun báis i bhfad i ndiaidh cheannairí eile na Cásca. Cuireadh tréas ina leith, fuarthas ciontach é agus crochadh é ar an 3 Lúnasa 1916 i bpríosún Pentonville i Londain.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.
- ↑ "Herbert Ward (sculptor)" (as en) (2021-05-06). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 centenaries.ucd.ie. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Monteith, the officer in charge of the Irish Brigade". www.irishbrigade.eu. Dáta rochtana: 2021-10-26.
- ↑ forasnagaeilge.ie/. "Ruairí Mac Easmainn". Dáta rochtana: 2021.