Amhránaí ba ea Roger Whittaker (22 Márta 1936 – 13 Meán Fómhair 2023).[1] I measc na n-amhrán is fearr uaidh sna 1960idí - 1990idí tá Durham Town, The Last Farewell, New World in the Morning, I Don’t Belief in If Anymore agus a leagan 1982 de Wind Beneath My Wings. Dhíol sé beagnach 50 milliún ceirnín le linn gairme a thosaigh i 1962 nuair a bhí sé 26 bliain d’aois.

Infotaula de personaRoger Whittaker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Roger Henry Brough Whittaker
22 Márta 1936
Nairobi, An Chéinia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Meán Fómhair 2023
87 bliana d'aois
Castelsarrasin, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Breataine Bige
Scoil Nairobi
Ollscoil Bangor
Ollscoil Cape Town Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSaint-Cirq-Lapopie
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, amhránaíocht, taibhiú giotáir agus cumadóireacht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir taifeadta, feadaire, amhránaí, giotáraí, scríbhneoir, cumadóir, ceoltóir, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1962 –  2013
SeánraRécheol
TeangachaAn Ghearmáinis, Béarla agus an Fhraincis
Gairm mhíleata
Brainse míleataKenya Regiment (en) Aistrigh
CoinbhleachtÉirí Amach na Mau Mau
Cineál guthaBaratón

UirlisGiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilColumbia Records
Fontana Records
RCA Records
Philips Records
Bertelsmann Music Group Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileNatalie Deirdre O'Brien (1964–2023), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEmily Clare Whittaker, adopted daughter (en) Aistrigh, Edward Guy Whittaker, Jessica Jane Whittaker, Lauren Marie Whittaker, adopted daughter (en) Aistrigh, Alexander Michael Whittaker Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEdward Whittaker
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinrogerwhittaker.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0926455 Rottentomatoes: celebrity/roger_whittaker Allmovie: p76056
Facebook: RogerWhittakerFans Youtube: UCaYKeUGwhVrUyCOCmcXfEYg Spotify: 6pgfx4K1p1kT0RewXjmLfk iTunes: 252978 Last fm: Roger+Whittaker Musicbrainz: 80d07b5b-35b1-4d58-a72e-49ac98cba13f Songkick: 135791 Discogs: 180935 Allmusic: mn0000837084 Deezer: 7444 Cuir in eagar ar Wikidata
1971

Rugadh Whittaker i Nairobi sa Chéinia i Márta 1936 do thuismitheoirí Sasanacha. Mar gheall gur rugadh é i Nairobi, d’fhág ceol oirthear na hAfraice marc air.

Thosaigh sé ag scríobh amhráin agus ag canadh i gclubanna tíre na Breataine Bige agus é ag déanamh staidéir ar an zó-eolaíocht, bithcheimic agus bitheolaíocht mhuirí in Ollscoil Bangor. Bhí a chéad dul chun cinn mór ag Whittaker nuair a iarradh air a bheith i láthair ar chlár Ulster Television dar teideal This and That in 1964 i Portrush.[2]

Thug Durham Town (The Leavin’) ‘Top 20 hit’ dó sa Bhreatain i 1969. Chuir rath an amhráin iontas air. Bhí cáil air as a scileanna feadaíl, a léirítear go hiontach sa phort Mexican Whistler a bhí ar bharr na gcairteacha i dtrí thír Eorpacha éagsúla.

Chuaigh Whittaker ar scor in 2012. Phós sé Natalie in 1964 agus bhí cúigear leanaí acu: Emily, Lauren, Jessica, Guy agus Alexander.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 extrag.ie (2023-09-19). "Amhránaí Roger Whittaker tar éis bháis in aois a 87 bliain" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-12-20.
  2. "It's the way you sing 'em Mr Whittaker" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2004-02-12). Dáta rochtana: 2023-12-20.