Rosika Schwimmer
Ba shíochánaí, fheimineach agus shufragóir í Rosika Schwimmer (Ungáiris: Schwimmer Rózsa; 11 Meán Fómhair 1877 - 3 Lúnasa 1948).
Ainm sa teanga dhúchais | (hu) Rosika "Rózsa" Bédy-Schwimmer |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 11 Meán Fómhair 1877 Búdaipeist, An Ungáir |
Bás | 3 Lúnasa 1948 70 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Áit adhlactha | Reilig Ferncliff |
Ambassador of Hungary to Switzerland (en) | |
19 Samhain 1918 – Eanáir 1919 | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachas |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Síochánachas, feimineachas, iriseoireacht agus lectorship (en) |
Gairm | iriseoir, eagarthóir, léachtóir, gníomhaí síochána, scríbhneoir neamhfhicsin, polaiteoir, gníomhaí ar son cearta vótála |
Tréimhse oibre | 1895 – |
Ball de | |
Teangacha | An Ungáiris agus an Ghearmáinis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Leopold Katscher (deartháir tuismitheora) Bertha Katscher (aintín) |
Ainmnithe do
| |
Saol
cuir in eagarLuathbhlianta
cuir in eagarRugadh Rózsa Schwimmer i mBúdaipeist, an Ostair-Ungáir ar an 11 Meán Fómhair 1877 do Bhertha (née Katscher) agus Mhax Bernat Schwimmer.
An té is sine de triúr clainne, tógadh í i dteaghlach uasmheánaicmeach Giúdach i dTemesvár, an Trasalváin (inniu Timișoara, an Rómáin). Ba thrádálaí talmhaíochta a hathair, a raibh baint aige le trádáil gráinne, capall agus táirgí eile, agus reáchtáil sé feirme thurgnamhach freisin. Bhí deartháir na mátharha, Leopold Katscher, ina scríbhneoir aitheanta agus ina ghníomhaí síochána, a raibh tionchar mór aige ar Schwimmer.
D'fhreastail sí ar an mbunscoil go hachomair i mBúdaipeist agus tar éis don teaghlach bogadh go dtí an Trasalváin fuair sí oideachas i scoil chlochair. Ag céimniú amach as an scoil phoiblí sa bhliain 1891, rinne sí staidéar ar cheol agus ar theangacha ag an scoil cheoil i Szabadka (Subotica inniu).
Ba theangeolaí cumasach í, a labhair nó a léigh ocht dteanga. Cé nár fhreastail sí ach ar ocht ngrád, labhair sí Béarla, Fraincis, Gearmáinis, agus Ungáiris, agus bhí sí in ann Ollainnis, Iodáilis, Ioruais, agus Sualainnis a léamh. Sa bhliain 1893 agus 1894, d'fhreastail sí ar ranganna oíche i scoil ghnó go dtí gur chuir féimheacht a hathar ar an teaghlach filleadh ar Bhúdaipeist.
Saol oibre san Ungáir
cuir in eagarLe linn a luath saol oibre, bhí deacrachtaí aici post a fháil a d'íoc pá maireachtála agus d'íograigh an taithí sin í do shaincheisteanna fostaíochta ban. Ag bailiú sonraí chun staitisticí a sholáthar ar mhná atá ag obair, tháinig Schwimmer i dteagmháil le baill de ghluaiseacht idirnáisiúnta vótála na mban, agus faoi 1904 bhí sí páirteach sa streachailt.
Bhunaigh sí an chéad scáth-eagraíocht náisiúnta ban san Ungáir agus Cumann Feimineach na hUngáire. Chabhraigh sí freisin le Seachtú Comhdháil de Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Cheart Vótála do Mhná a eagrú, a tionóladh i mBúdaipeist sa bhliain 1913.
An bhliain ina dhiaidh sin, fostaíodh Schwimmer mar phreas-rúnaí ar an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Cheart Vótála do Mhná, i Londain.
Na Stáit Aontaithe
cuir in eagarNuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, forógraíodh í ina namhaid eachtrannach agus d'éalaigh sí go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar labhair sí ar son cearta vótála a thabhairt do mhná agus ar shíochánachas. B
Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí The Woman's Peace Party (WPP) (Gaeilge: Páirtí Síochána na mBan) agus an eagraíocht a bheadh ina Women's international league for peace and freedom (Gaeilge: Léig idirnáisiúnta na mban ar son na síochána agus na saoirse). Sa bhliain 1915, tar éis dí freastal ar Chomhdháil Idirnáisiúnta na mBan sa Háig, d'oibrigh sí le mná eile chun cur ina luí ar airí eachtracha san Eoraip tacú le comhlacht a chruthú chun cúrsaí domhanda a idirghabháil agus bhí chuir sí ina luí ar Henry Ford an Long Síochána a chairtfhostú. Ó 1916 go 1918, bhí Schwimmer ina cónaí san Eoraip ag obair ar phleananna éagsúla chun deireadh a chur leis an gcogadh. Nuair a bunaíodh an Chéad Phoblacht Ungáireach, ceapadh í mar cheann de na chéad ambasadóirí baineann (ón Ungáir go dtí an Eilvéis) sa bhliain 1918. Nuair a dhíbir coup d'état an Phoblacht, theith sí go dtí na Stáit Aontaithe, ag tabhairt suas a saoránacht Ungárach.
Chuir sí iarratas isteach tríd an phróiseas eadóirsithe ach diúltaíodh dí ar bhonn go raibh sí ag tabhairt faoin síochánachas. Cuireadh an cás ar ceal in achomharc sa bhliain 1928, agus an bhliain dár gcionn chuir Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe an t-achomharc ar ceal sa chinneadh na Stáit Aontaithe v. Schwimmer.
D'fhan sí gan stát ar feadh na coda eile dá saol. Ní raibh sí in ann obair mar gheall ar dhrochshláinte agus feachtas clúmhillte, agus fuair sí tacaíocht ó chairde dílse.
Sa bhliain 1935, bhunaigh Schwimmer agus Mary Ritter Beard an 'World Center for Women's Archives' chun tagairt oideachasúil a chruthú do stair na mban agus chun taifead a dhéanamh ar éachtaí aonair agus eagraíochtúla na mban suntasach. Bhí sí ar cheann de na chéad fheidearálaigh dhomhanda, a mhol rialtas domhanda sa bhliain 1937.
Oidhreacht
cuir in eagarAinmníodh í le haghaidh Duais Síochána Nobel i 1948, fuair sí bás sular shocraigh an coiste gan í a bhronnadh an bhliain sin. Sa bhliain 1952, athraíodh dlíthe eadóirseachta sna Stáit Aontaithe chun go bhféadfaí agóid choinsiasach a cheadú.