Ruaimniú Gram
Próiseas tábhachtach ruaimnithe a úsáidtear chun baictéir ar mhias Petri a ionannú. Ruaimnítear na baictéir le líocha bunata, cosúil le vialait chriostalta, agus ansin nochtar iad do thuaslagóir orgánach. Cailleann cuid de na baictéir (baictéir ghramdhiúltacha) a ndath go héasca leis an nochtadh don tuaslagóir orgánach, ach coinníonn cuid eile (baictéir ghramdheimhneacha) é. Ainmníodh an próiseas as an mbaictéareolaí Danmhargach Hans Christian Joachim Gram (1853-1938).[1]
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Gram stains.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ruaimniú Gram". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |