Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh

náisiúnach Éireannach, iriseoir, file agus polaiteoir Astrálach (1816-1903)

Náisiúnach, iriseoir, file agus polaiteoir, in Éire agus san Astráil, ab ea An Ridire Séarlas Gabhánach Ó Dufaigh, Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh,Charles Gavan Duffy (12 Aibreán 1816 - 9 Feabhra 1903).[1][2]

Infotaula de personaCathal Gabhán Ó Dubhthaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Cathail Gabanaigh Uí Dubhthaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Aibreán 1816
Muineachán Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Feabhra 1903
86 bliana d'aois
Nice, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Speaker of the Victorian Legislative Assembly (en) Aistrigh
22 Bealtaine 1877 – 9 Feabhra 1880
Ball de Thionól Reachtach Victoria
1 Lúnasa 1876 – 1 Feabhra 1880
Toghcheantar: Gippsland North (en) Aistrigh
8 Príomh-aire Victoria
19 Meitheamh 1871 – 10 Meitheamh 1872
← James McCulloch (en) AistrighJames Francis (en) Aistrigh →
Ball de Thionól Reachtach Victoria
1 Lúnasa 1867 – 1 Márta 1874
Toghcheantar: Dalhousie (en) Aistrigh
Ball de Thionól Reachtach Victoria
1 Samhain 1856 – 1 Lúnasa 1864
Toghcheantar: Villiers and Heytesbury (en) Aistrigh
Ball de 16ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe
7 Iúil 1852 – 3 Márta 1856 (éirí as)

Toghcheantar: Ros Mhic Thriúin

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Naomh Maolmhaodhóg Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, scríbhneoir, polaiteoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteBlack Northern
The Black Northern Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileEmily McLaughlin
Susan Hughes (1847–luach anaithnid)
Louise Hall (1881–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeoirse Gabhán Ó Dubhthaigh
 ( Louise Hall)
Harriet Gavan Duffy
 ( Susan Hughes)
Frank Gavan Duffy
 ( Susan Hughes)
Philip Cormac Gavan Duffy
 ( Susan Hughes)
Geraldine Mary Gavan Duffy
 ( Susan Hughes)
Bryan Gavan Duffy
 ( Louise Hall)
Susan Gavan Duffy
 ( Susan Hughes)
Anna Eva Gavan Duffy
 ( Emily McLaughlin)
John Gavan Duffy
 ( Emily McLaughlin)
Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh
 ( Louise Hall)
Charles Gavan Duffy
 ( Susan Hughes)
Thomas Gavan Duffy
 ( Louise Hall) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Duffy  agus Anne Gavan
Gradam a fuarthas
Charles Gavan Duffy, 1846, athair Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh

Sa bhliain 1842 bhunaigh an Dufach, in éineacht le Tomás Dáibhís agus Seán Blácach Diolúin, nuachtán seachtainiúil In Éirinn — The Nation, nuachtán na gluaiseachta ‘Éire Óg’.[3] ba é an chéad eagarthóir ar The Nation.

Sa tríú heagrán, ar an 29 Deireadh Fómhair 1842, foilsíodh amhrán tírghrá ‘Faugh a Ballagh’ leis an Dufach, faoin ainm cleite ‘Black Northern’.[4]

Bhí sé chun tosaigh in Éire Óg agus bhí sé ina Fheisire thar ceann Ros Mhic Thriúin (i gContae Loch Garman) ó 1852 go 1856.

 
1880 mar Spéicéir (Speaker)

Tar éis dó dul ar eisimirce chun na hAstráile, tháinig Gabhán Ó Dufaigh chun bheith ina 8ú Príomh-aire de Victoria agus ar dhuine de na daoine ceannasacha i stair pholaitiúil Victoria.

Bhí sé ina Phríomh-aire ('Premier') ar Victoria (1871-72) agus ina Spéicéir ar an Tionól Reachtach (1877-80).[3]

Ar scor sa Fhrainc

cuir in eagar

In 1881, phós an Dufach Louise Hall, 23, i bPáras, in aois 65 dó. D'éag sé i Nice ar 9 Feabhra 1903.

D'eagraigh an Duffy Memorial Committee sochraid ollmhór i mBaile Áthá Cliath agus bhí go leor daoine ar an tsochraid ar an 9 Márta. Tá an Dufach curtha i Reilig Ghlas Naíon.[5]

Bhí mac leis, Proinsias, a bhí ina phríomh-bhreitheamh Ard-Chúirt na hAstráile (1931-35).

Bhí mac eile, Seoirse, leathdheartháir le Proinsias, ina ghnáthbhreitheamh (1936-46) agus ina Uachtarán (1946-51) d'Ard-Chúirt na hÉireann.[3]

B'oideachasóir agus dhíograiseoir Gaeilge í a iníon, Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. nó Charles Gavin Duffy
  2. Ó BROIN, Leon (1967;). "Charles Gavan Duffy, patriot and statesman: the story of Charles Gavan Duffy (1816-1903)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-02-09.
  3. 3.0 3.1 3.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "An Ridire Séarlas Gabhánach (1816-1903)". Dáta rochtana: 2021.
  4. Art Ó Maolfabhail. (Feabhra 2011). "Feasta 64 (2), lch 10-12.". Dáta rochtana: 2023.
  5. "BURIAL OF SIR CHARLES GAVAN DUFFY.". Barrier Miner (Broken Hill, NSW : 1888 - 1954) 2 (10 Márta 1903). Dáta rochtana: 2021-04-12.