Lúise Ghabhánach Ní Dhufaigh

náisiúnaí Éireannach

B'oideachasóir agus dhíograiseoir Gaeilge í Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh[1][2] (Béarla: Louise Gavan Duffy, 17 Iúil 1884 - 12 Deireadh Fómhair 1969)[3][4][5]; bhunaigh sí an chéad Ghaelscoil in Éirinn sa bhliain 1917.

Infotaula de personaLúise Ghabhánach Ní Dhufaigh
Beathaisnéis
Breith1884
Cimiez, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1969
84/85 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí ar son cearta vótála, sufraigéid Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairCathal Gabhán Ó Dubhthaigh  agus Louise Hall
SiblínSeoirse Gabhán Ó Dubhthaigh, Bryan Gavan Duffy, Thomas Gavan Duffy, Anna Eva Gavan Duffy, John Gavan Duffy, Susan Gavan Duffy, Frank Gavan Duffy, Charles Gavan Duffy, Harriet Gavan Duffy, Philip Cormac Gavan Duffy agus Geraldine Mary Gavan Duffy

Ba náisiúnaí Éireannach agus shufraigéid í chomh maith. Bhí sí i láthair in Ard-Oifig an Phoist i rith Éirí Amach na Cásca 1916, áit a rinne sí an chócaireacht do na fir ar feadh seachtaine.

Cimiez, Nice

Saol cuir in eagar

Rugadh Lúise i Nice (i gCimiez, bruachbhaile de chuid na cathrach) sa Fhrainc, i dteaghlach Angla-Éireannach.

Tógadh i Nice na Fraince mar a raibh cónaí ar a muintir. Ba í a máthair Louise Hall ó Birkenhead (sa Cheshire ag an am), tríú bean chéile Charles Gavan Duffy.

Tógadh í i dteach gustalach agus bríomhar ó thaobh cultúir de, áit a bhfuair sí blaiseadh d'fhigiúirí agus de thuairimí polaitiúla. bhí an Béarla agus an Fhraincis ó dhúchas aici; ní raibh Gaeilge ag a hathair ná a muintir.[6]

Figiúirí tábhachtacha iad a hathair agus a deartháireacha i réimsí polaitiúla agus dlí. Sochraid a hathair, Cathal Gabhán Ó Dubhthaigh, in 1903 a thug go hÉirinn don chéad uair í.

Tháinig sí chun cónaithe in Éirinn sa bhliain 1907, in aois 23 di, chun staidéir a dhéanamh.

 
Charles Gavan Duffy, 1846, athair Lúise

Oideachas cuir in eagar

De réir a chéile d'éirigh sí tugtha don Ghaeilge. Bhí sí ar cheann de na chéad mná chun céim a bhaint amach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sí baitsiléir sna hEalaíona sa bhliain 1911.

D’fhoghlaim sí Gaeilge i gConradh na Gaeilge. Is ann a casadh an t-oideachasóir agus tírghráthóir Pádraig Mac Piarais uirthi don chéad uair. Ceapadh ina mhúinteoir í i scoil dhátheangach an Phiarsaigh, Scoil Íde, i dTeach Feadha Cuillinn.

Náisiúnaí cuir in eagar

Bhí Lúise ar an gcéad choiste sealadach nuair a bhunaíodh Cumann na mBan.

Nuair a bhris Éirí Amach na Cásca amach i 1916, chuaigh sí caol díreach chuig Ard-Oifig an Phoist. Chuir an Piarsach ag obair sa chistin í go ceann na seachtaine. In éineacht léi, bhí Deasún Mac Gearailt.

Ar an Déardaoin le linn na seachtaine, chuir an Piarsach comhairle ar Lúise agus ar na mná eile sa GPO aistriú amach ón bhfoirgneamh. Ach diúltaíonn siad, agus d'fhill siad ar a gcúraimí sa chistin.

An lá dár gcionn, faoi thréanscaoileadh urchar, aistríodh amach as an GPO. Cabhraigh Lúise agus James Ryan leo siúd a bhí créachtaithe imeacht as an bhfoirgneamh.

D’fhorbair sí a a gcuid smaointe oideachais faoi mhórthionchar an Phiarsaigh. Tar éis a bháis, áfach, shocraigh Luíse a gort féin a threabhadh i réimse na scolaíochta lán-Ghaeilge.[7]

Gaelscoil cuir in eagar

 
Scoil Bhríde, 70 Faiche Stiabhna

Bhunaigh Lúise gaelscoil, Scoil Bhríde (ag 70 Faiche Stiabhna ar dtús agus níos déanaí i Raghnallach, BÁC[8]), sa bhliain 1917,[9] an chéad ghaelscoil ó laethanta na scoileanna scairte.[10][11]

Mná óga tuata a bhí i mbun na scoile. Bhí an Ghaeilge mar mheán cumarsáide san áit. Bhí an Fhraincis á múineadh inti mar ábhar ann féin. Chloistí paidreacha á rá i bhFraincis inti fiú. Cúrsaí airgeadais a chuir iallach uirthi an scoil a bhogadh go dtí 55 Bóthar Pembroke, Droichead na Dothra, in 1922.[12] Ceithre bliana ina dhiaidh sin, rinneadh Scoil Náisiúnta de Scoil Bhríde faoi choimirce na Roinne Oideachais.

Lean Louise ag múineadh i Scoil Bhríde go dtí 1947.[4] Ar feadh tamaill de bhlianta bhíodh sí ag léachtóireacht i roinn an oideachais i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. In 1962 rinne sí clár teilifíse sa tsraith 'Self Portrait’.

 
curtha inniu i reilig Ghlas Naíon

D’éag sí ar 12 Deireadh Fómhair 1969, in aois 85 bliain di (níor phós sí riamh). Tá sí curtha inniu i reilig Ghlas Naíon. Bhí Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann i láthair ag Aifreann na Marbh i nGaeilge, rud a bhí, arís, dochreidte nuair a chuimhnítear gur rugadh a hathair roimh Waterloo nuair a bhí na Péindlíthe fós gan chealú.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh uaireanta, agus Gavin in áit Gavan uaireanta
  2. nó 'Lúise' in ionad 'Luíse'; mar seo a scríobh sí a hainm sa 20ú haois, is cosúil
  3. Celia de Fréine. "Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí" (ga). Leabhair COMHAR. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  4. 4.0 4.1 4.2 "DUFFY, Louise Gavan (1884–1969)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  5. Celia de Fréine (saor in aisce ar JSTOR). "BANLAOCH CEANNRÓDÚIL". Comhar 78 (9): 18–20. doi:10.2307/26662996. ISSN 0010-2369. 
  6. "Original school desk, Scoil Bhríde Ranelagh 1917" (en). nationaltreasures.ie. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  7. centenaries.ucd.ie (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
  8. Scoil Bhríde 1917. "Stair na Scoile - Céad Bliain faoi Bhláth" (Irish). Scoil Bhríde 1917. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  9. ... in éineacht le hÁine Nic Aoidh, banchéile Earnáin de Blaghd/ Ba mheánscoil phríobháideach í go dtí gur thug an Blaghdach, an tAire Airgeadais, isteach sa státchóras í i 1926 trí bhunscoil a dhéanamh di.
  10. Mairéad Ní Ghacháin (2004-03-30). "Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  11. Mairéad Ní Ghacháin (1993). "Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-10-12.
  12. "Original school desk, Scoil Bhríde Ranelagh 1917" (en). nationaltreasures.ie. Dáta rochtana: 2020-10-12.