Polaipeiptíd cosúil le hormón a fhaightear san inchinn (sa hipeatalamas), an paincréas (na D-chealla in insíní Langerhans), an goile (na D-chealla múcasacha), agus na stéigeacha. Gníomhaíocht urchoillte den chuid is mó a bhíonn aige. Maidir le sómatastaitin an hipeatalamais, urchoilleann sé tál an hormón fáis is an hormón spreagtha tíoróideach i maothán tosaigh na faireoige piotútaí. Urchoilleann sómatastaitin an phaincréis tál na hinsline is an ghlúcagóin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sómatastaitin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.