Cainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach
Comhdhálacha idir na Stáit Aontaithe is an tAontas Sóivéadach, den chuid is mó, sna 1970idí chun teorainn a chur leis na hairm núicléacha idirchríochacha a bhí á dtógáil is á n-insealbhú ag an dá thaobh sa chogadh fuar bagrach a bhí sna Cainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach (Béarla: Strategic Arms Limitation Talks nó SALT ). Thosaigh an tsraith i Heilsincí i 1969, agus rinneadh an chéad socrú (SALT 1) i 1974. Ina dhiaidh sin tháinig moill ar dhul chun cinn, agus bíodh go raibh an dara socrú déanta ag na teagmhálaithe i 1979 (SALT 2), níor ghlac Seanad na Stát Aontaithe leis. Mar sin féin, chloígh an dá thaobh leis na teorainneacha ar ghlacadar leo i 1974. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh fuar le titim Bhalla Bheirlin is na réimeas cumannach timpeall 1990, thosaigh na Stáit Aontaithe is an Rúis ar chainteanna chun a n-airm núicléacha a laghdú (START).[1]
| ||||
Cineál | conradh | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 18 Meitheamh 1979 | |||
Suíomh | Vín, An Ostair | |||
Sínitheoir | ||||
Codanna | ||||
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |