Scarabaeus sacer
(Athsheolta ó Scarab)
Priompallán a bhfuil cosa tosaigh oiriúnaithe aige chun bualtrach a fhoirmiú i liathróid le rolladh isteach i seomra faoi thalamh chun na larbhaí a chothú ann. Ba í siombail an aiséirí is na neamhbhásmhaireachta an scarab san Éigipt ársa, agus dhéantaí briochtaí is séalaí stampála i bhfoirm na scaraibe a chaití mar shiogairlíní nó fáinní.[1]
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Coleoptera |
Fine | Scarabaeidae |
Treibh | Scarabaeini |
Géineas | Scarabaeus |
Speiceas | Scarabaeus sacer Linnaeus, 1758 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scarab". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 582.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |