Seán P. Ó hÉalaí

Iriseoir agus craoltóir Éireannach

Iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Comhar, Scéala Éireann, srl ba ea Seán P Ó hÉalaí (a d'éag ar 6 Mairt 2023 agus as Doire ó dhúchas dó).[1]

Infotaula de personaSeán P. Ó hÉalaí
Beathaisnéis
BreithDoire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Márta 2023
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse laraingeach)
Gníomhaíocht
Suíomh oibre RTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Saol cuir in eagar

Bhí Seán P Ó hÉalaí páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí, agus leis an bhfeachtas toghchánaíochta a reáchtáladh do Pheadar Mac an Iomaire.[2]

Ceapadh é ina eagarthóir ar an iris Comhar i dtús na seachtóidí.

 
Tuairiscí rialta le linn na dTrioblóidí. (Ascaill Chnocán na Feá, Béal Feirste)

Thug sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag obair do Nuacht RTÉ. Ba é an chéad Chomhfhreagraí don Iarthuaisceart ag an tseirbhís sin agus bhíodh tuairiscí rialta aige faoi na Trioblóidí.

D’fhág sé RTÉ ag tús na n-ochtóidí chun dul ag obair mar Eagarthóir Gaeilge an Irish Press (Scéala Éireann) agus d’fhan sé leis an nuachtán sin nó gur dúnadh é i 1995.

Chuaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc ina dhiaidh sin. I measc na gclár ar RnaG a raibh baint aige leo mar láithreoir nó léiritheoir bhí Ardán na nEalaíon agus na hirischláir ón ardchathair An Chaint sa Chathair agus Glór Anoir.[3] D’éirigh sé as in 2012.

 
colúin Ghaeilge (Beocheist) aige

Bhíodh sé ag soláthar colúin Ghaeilge (Beocheist) don Irish Times ar feadh na blianta.[4]

Pearsanta cuir in eagar


Ba charachtar lán de bheocht é a raibh joie de vivre ag baint lena chuid oibre sna meáin,[5] Ba cheoltóir den scoth é, amhránaí agus giotáraí. Chas sé ceol le Dáithí Sproule agus Mícheál Ó Domhnaill lena linn.

Ar scor, bhí cónaí air i gCros Araild i mBaile Átha Cliath agus sa Spáinn.

Bhuail ailse scornach é agus chaill sé a ghuth iontach le linn na 2010idí. Fuair ​​sé bás ar 6 Márta 2023.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Death Notice of Seán (John) Ó hÉalaí (Healy)" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  2. Nuacht RTÉ (2023-03-09). "Seán P. Ó hÉalaí ar shlí na fírinne" (as ga-IE). 
  3. "Seán P Ó hÉalaí, iriseoir ‘géarintinneach’ a raibh ‘scil agus saineolas’ aige, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  4. ""Beocheist" site:irishtimes.com - Cuardach Google". www.google.com. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  5. le Cormac Ó hEadhra (2023). "Tús Áite: Mír in Ómóis do t-iar chraoltóir RnaG Seán P Ó hÉalaí" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  6. The death has occurred of Seán (John) Ó hÉalaí (Healy) RIP.ie, 2023-03-06.