Inneall é sincreatrón[1][2] a thógtar chun cáithníní fo-adamhacha (prótóin is leictreoin go háirithe) a luasghéarú. Treoraítear na cáithníní ar chonair chiorclach trí fheadán folúsaithe le maighnéid, agus luasghéaraítear iad le réimsí leictreacha minicíocht raidió. I meaisín mór féadfaidh gach bíog cáithníní imrothlú níos mó ná 10,000 uair in aghaidh an tsoicind, ag luasghéarú gach uair a théann tríd an réimse leictreach. Ní mór an réimse maighnéadach is an réimse leictreach minicíocht raidió a mhéadú ar bhealach sioncronaithe chun an chonair a choimeád ciorclach le gach ardú luais. Suas le cuid mhaith ciliméadar ar trastomhas, ionstraimí tábhachtacha i bhfisic na gcáithníní.[3]

Thig le sincreatróin an lae inniu a bheith thar a bheith mór. Seo an sincreatón Soleil sa Fhrainc.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): sincreatrón” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-02.
  2. “sincreatrón” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-02.
  3. Hussey, Matt (2011). "Sincreatrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 599.