Cúis choiteann galair i dtíortha trópaiceacha, mar thoradh ar inmhíolú le ceann de 3 ghné den phúchán fola (géineas Schistosoma) is ea an tsisteasóimiáis.[1][2] Treánn na pucháin an craiceann nuair a fholcann an duine in uisce truaillithe. Agus an puchán taobh istigh den cholainn, scaipeann siad in imshruthú na fola, ag cur tús le galair sna scamhóga, an t-ae, an inchinn, is na duáin. I measc na dtorthaí cliniciúla bíonn niúmóine, cliseadh an ae, taomanna, agus cóma. Beireann na pucháin uibheacha sna duáin agus feartar iad sa bhfual. Gorann siad san uisce, agus fásann na larbhaí taobh istigh de sheilidí. Déantar líon na seilidí a laghdú chun an galar a smachtú.[3]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.