Is ainm neamhfhoirmiúil é slam-mhúscán a thugtar ar roinnt cineálacha orgánach eocarótach a dhéanann spóir agus a bhfuil céim aoncheallach shaorbheathach ina saol. Is ceallach cuid acu, agus is plasmóideach (gan balla scannáin idir na cealla) cuid eile. Is minic a dhéantar spóir i gcorp macrascópach ilcheallach nó ilnúicléatach a d’fhéadfaí a fhoirmiú trí chomhbhailiúchán nó comhtháthú.[1] San am atá caite, rangaíodh slam-mhúscáin mar fhungais ach ní mheastar gur chuid den ríocht sin iad a thuilleadh.[2] Cé nach bhfuil siad ina gclád monaifíléiteach amháin, cuirtear laistigh den ghrúpa paraifíléiteach, Protista, iad.

Fuligo septica, slam-mhúscán.

Tá níos mó ná 900 speiceas de shlam-mhúscán le fáil ar fud an domhain. Tagraíonn an chéad chuid den ainm coitianta do chéim i saolré na n-orgánach seo ina bhfuil dealramh acu le “slam” geilitíneach. Feictear é seo go príomha leis na Myxogastria, na slam-mhúscáin mhacrascópacha amháin.[3] Tá an chuid is mó de na slam-mhúscáin níos lú ná cúpla ceintiméadar, ach d'fhéadfadh speicis áirithe fás chomh mór le roinnt méadar cearnach agus suas le 20 cileagram meáchain.[4][5][6]

Ní chaitheann na slam-mhúscáin “cheallacha” mórán ama sa staid seo. Nuair a bhíonn bia flúirseach, is orgánaigh aoncheallacha iad. Nuair a éiríonn bia gann, cruinníonn go leor de na horgánaigh aoncheallacha seo le chéile agus bogann siad mar chorp amháin. Sa staid seo, is féidir leo ceimiceáin san aer agus foinsí bia a bhrath. Is féidir leo cruth agus feidhm páirteanna a athrú go héasca, agus d'fhéadfaidís “gasáin” thorthúla a fhoirmiú a scaoileann spóir atá éadrom go leor le heitilt ar an ngaoth nó le turas a dhéanamh ar ainmhithe atá ag dul thart.[7]

Caitheann siad miocrorgánaigh atá ina gcónaí in aon chineál ábhair déanta as plandaí marbha. Cuireann siad dreoiteacht fásra marbh chun cinn, agus caitheann siad baictéir, giostaí, agus fungais. Dá bharr seo, faightear slam-mhúscáin de ghnáth in ithir, ar fhaichí, agus ar thalamh na foraoise, go coitianta ar lomáin dhuillsilteacha. I gceantair thrópaiceacha, tá siad coitianta freisin ar bhláthraí agus ar thorthaí, agus thuas san aer (m.sh., i gceannbhrat na gcrann). I gceantair uirbeacha, faightear iad ar mhóta nó sa mhúirín duilliúir i ngáitéir báistí, agus fásann siad freisin in aerchóiritheoirí, go háirithe nuair a bhíonn an draein plúchta.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Kin, K (2021). "Evolution of Multicellular Complexity in The Dictyostelid Social Amoebas". Genes 12 (4): 487. doi:10.3390/genes12040487. PMID 33801615. 
  2. Introduction to the 'Slime Molds'”. University of California Museum of Paleontology. Dáta rochtana: 2009-04-04.
  3. Adamatzky, Andrew (2016). "Advances in Physarum Machines: Sensing and Computing with Slime Mould" (in en). Springer. 
  4. Ing, Bruce (1999). "The myxomycetes of Britain and Ireland: an identification handbook". Slough, Sasana: Richmond Pub. Co. 
  5. Nannenga-Bremekamp, N.E. (1974). "De Nederlandse Myxomyceten". Zuthpen: Koninklijke Nederlandse Natuurhistorische Vereniging. 
  6. Zhulidov, DA (2002). "Zinc accumulation by the slime mold Fuligo septica (L.) Wiggers in the former Soviet Union and North Korea". Journal of Environmental Quality 31 (3): 1038–1042. doi:10.2134/jeq2002.1038. PMID 12026071. 
  7. Rebecca Jacobson (5 Aibreán 2012). “Slime Molds: No Brains, No Feet, No Problem”. PBS Newshour.