Bolcán sna hOileáin Fhilipíneacha a bhrúcht go pléascach i 1991 agus a theilg ceathanna carraigeacha, cloch, deannaigh, luaithrigh is gás suas go dtí 25 km, ag milleadh na mbailte mórthimpeall. Níos mó ná bliain ina dhiaidh sin, bhí an sliabh ag pléascadh, ar scála níos lú, os cionn 500 uair gach lá agus béal an bholcáin ag méadú an t-am ar fad. Lean an próiseas seo 3-4 bhliain eile. Ní gnáthlaibhe a rith amach as an mbolcán seo, ach stuif ar a dtugtar lahar nach bhfuil chomh leáite ná chomh te le laibhe, ach a ritheann i bhfad níos tapa. Tá an lahar seo tar éis gleannta is fiú foithreacha aibhneacha 100 m ar doimhneacht a líonadh, agus ghearr na haibhneacha cúrsaí nua dóibh féin. De bhrí gur fhan an oiread sin den bhunbhrúchtadh thuas sa strataisféar, cuireadh bac ar radaíochtna Gréine agus rinneadh dochar don chiseal ózóin. Meastar gur laghdaigh an bac seo meánteocht an Domhain 0.5 °C thar bhliain nó dhó i ndiaidh an bhrúchta.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.