Sluaíocht an Challenger
An chéad sluaíocht mhór aigéaneolaíochta, a chuir an coirbhéad gaile Challenger i gcrích idir 1872 agus 1876. Chuaigh an t-aistear timpeall an Domhain agus rinne tomhais is staidéar eile ar an Aigéan Atlantach, an tAigéan Indiach is an tAigéan Ciúin. Aistear timpeall 128,000 km a bhí ann. Bhunaigh sí eolaíocht nua-aoiseach na haigéaneolaíochta, ag fionnadh is ag taifeadadh 4,417 speiceas, ina measc 715 speiceas muirí nach raibh ar eolas roimhe sin. Chruthaigh sí go raibh beatha ag gach doimhneacht sa bhfarraige.[1]
Cineál | oceanographic cruise (en) | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 7 Nollaig 1872 - 26 Bealtaine 1876 | ||
Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann | ||
Rannpháirtí | |||
Árthach | HMS Challenger | ||
Sprioc | taiscéalaíocht domhainfharraige | ||
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sluaíocht an Challenger". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 131.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |