An chuid de charbaihiodráití planda nach féidir iad a dhíleá ag na heinsímí sa stéig bheag a dhíleánn carbaihiodráití de ghnáth. Tugtar gairbhseach air freisin. Cuid de na carbaihiodráití struchtúrtha i gcillbhallaí an phlanda is ea é, chomh maith le polaishiúicrídí, nach stáirse iad. Is é an snáithín is flúirsí sa nádúr an ceallalós, atá déanta as aonaid athfhillteacha glúcóis i nduail shingile fhada. Snáithíní eile is ea heimicheallalós is peictin. Coipeann baictéir cuid de na snáithíní sa stéig mhór, rud a mhéadaíonn meáchan an tuair de bharr méadú na mbaictéar faecach. Tá snáithíní eile atá níos frithbheartaí i gcoinne coipthe bhaictéaraigh, ach méadaíonn siad meáchan an tuair de bharr a n-acmhainn iompartha uisce. Moltar aiste bia le cuid mhaith snáithín ann do dhiaibéitigh anois, mar go moillíonn snáithín sa chothú fuascailt an ghlúcóis isteach in imshruthú na fola.[1]

Bianna saibhir i snáithíní: torthaí, glasraí agus gráin
Bíonn cion ard snáithíní i mbran cruithneachta .

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Snáithín cothaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 609.