Is é is spás Minkowski ann ná spás-am na coibhneasachta speisialta, le toise amháin ama is 3 thoise spáis. Foirmlithe ar dtús ag an matamaiticeoir Rúiseach-Ghearmánach Hermann Minkowski (1864-1909). Tá a choincheap de spás leata (gan imtharraingt, le nialas cuaire), le geoiméadracht a gcuirtear síos uirthi le méadrach ar leith, i gcomhréir le cúinsí na coibhneasachta speisialta. Tá an spás leata seo difriúil ón spás leata i meicnic Newton.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Spás Minkowski". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 457.