Spéaclaí mionpholl
Spéaclaí le lionsaí teimhneacha, ach an-chuid mionpholl a ligeann solas isteach sa tsúil. Saothraíodh iad ar dtús sa Ghearmáin go déanach sa 19ú céad. Tairgtear go ndéanann siad fócasú níos éasca agus go bhfeabhsaíonn an radharc i ndaoine le héalanga éagsúla radhairc, gearr-radharc, fadradharc is aistiogmatacht ina measc.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Spéaclaí mionpholl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 616.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |