Is éard is spór[1] ann ná cill atáirgthe planda atá in ann forbairt ina hindibhid nua go díreach nó trí chónascadh le spór eile. De ghnáth feidhmíonn spóir mar mheáin scaipthe, agus uaireanta mar staid fhrithsheasmhach a ligeann don phlanda maireachtáil trí choinníollacha deacra neamhfhabhracha. Ní bhíonn suth sa spór, agus mar sin is éagsúil ó shíol é.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): spór” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-24.
  2. Hussey, Matt (2011). "Spór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.