Garbhánach

fine iasc
(Athsheolta ó Sparidae)

Cuid mhaith iasc le colainn ramhar, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha is ea na garbhánaigh (fine Sparidae; Béarla: sea breamsporgies).[1] San Eoraip bíonn sé le fáil ón Meánmhuir go dtí an Iorua. Suas le 50 cm ar fhad, an ceann maol cruinn, scoth-bhándearg nó dearg le spota mór dorcha os cionn na heite uchtaí. An-tóir ag iascairí air, agus gabhtar ar bhonn trádálach é in áiteanna.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGarbhánach
Sparidae Cuir in eagar ar Wikidata

Calamus bajonado Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdSpariformes
FineSparidae Cuir in eagar ar Wikidata
Rafinesque, 1810
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Centracanthidae Cuir in eagar ar Wikidata

Samplaí cuir in eagar

  • Argyrozona argyrozona — garbhánach cearpantóra
  • Boops boops — garbhánach bolgshúileach
  • Cheimerius nufar — garbhánach santer
  • Dentex dentex — garbhánach dentex
  • Diplodus annularis — garbhánach fáinneach
  • Diplodus cervinus cervinus — garbhánach séabrach
  • Diplodus holbrookii — garbhánach earrbhallach
  • Diplodus puntazzo — garbhánach géarshocach
  • Diplodus sargus — garbhánach bán
  • Diplodus vulgaris — garbhánach coiteann débhandach
  • Lithognathus lithognathus — garbhánach bán
  • Lithognathus mormyrus — garbhánach stríocach
  • Nemipterus — garbhánach snáitheiteach
  • Oblada melanura — garbhánach diallaite
  • Pagellus acarne — garbhánach ascailleach
  • Pagellus bellottii — garbhánach dearg
  • Pagellus bogaraveo — garbhánach nó deargán
  • Pagellus erythrinus — garbhánach coiteann
  • Pagrus — garbhánach pargach
  • Pagrus auriga — garbhánach deargbhandach
  • Pagrus major — garbhánach pargach Seapánach
  • Pagrus pagrus — garbhánach pargach dearg
  • Polysteganus — garbhánach polaistigeánach
  • Polysteganus coeruleopunctatus — garbhánach gormchraicinn
  • Polysteganus praeorbitalis — garbhánach natal
  • Polysteganus undulosus — garbhánach seachtó a ceathair
  • Pterogymnus laniarius — garbhánach panga
  • Sparus auratus — garbhánach órcheannach
  • Sparus caeruleostictus — garbhánach gormbhallach


Tagairtí cuir in eagar

  1. “Sparidae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Deargán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 203.