An difríocht idir athruithe ar: "Josef von Fraunhofer"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Fisicí is radharceolaí a rugadh i Straubing na Gearmáine ab ea '''Josef von Fraunhofer''' (1787-1826). D'fheabhsaigh sé priosma...'
(No difference)

Leagan ó 20:42, 24 Deireadh Fómhair 2013

Fisicí is radharceolaí a rugadh i Straubing na Gearmáine ab ea Josef von Fraunhofer (1787-1826). D'fheabhsaigh sé priosmaí is teileascóip. Tháinig sé ar na línte (dathanna, tonnfhaid) dorcha i speictream na Gréine, a ainmnítear as ó shin. Línte iad seo atá dorcha de bharr ionsú na dtonnfhad sin ag dúile cosúil le cailciam, hidrigin, sóidiam, is maignéisiam. Sna cisil fhionnuara os cionn fótaisféar gealbhruthach na Gréine a tharlaíonn an t-ionsú seo.