Charles Lyell

dlíodóir agus geolaí Albanach

Geolaí Albanach a bhí ina cheannródaí don gheolaíocht nua-aoiseach ab ea Charles Lyell (14 Samhain 1797 - 22 Feabhra 1875). Go dtí tús an 19ú céad, chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus go raibh cruth an Domhain, na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin is na h-ilchríocha gan athrú ó thús ama, ach amháin ag catastróf mar thuile Naoi. Ach d'fhoilsigh Lyell leabhar iomráiteach, Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. Thaispeáin sé conas a thug na fosuithe éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha sna carraigeacha fianaise ar an gcoincheap sin. D'ainmnigh sé cuid de na réanna geolaíocha. Ní hamháin gur leag Lyell bunsraith na geolaíochta nua-aoisí, ach ba mhór an spreagadh a mhodh oibre do Darwin ina chuid oibre siúd ar an éabhlóid bhitheolaíoch. Ina leabhar The Geological Evidence of the Antiquity of Man (An Fhianaise Gheolaíoch ar Ársaíocht an Duine, 1863) thug sé tacaíocht d'obair agus conclúidí Darwin.[1]

Infotaula de personaSir
Charles Lyell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Samhain 1797
Aonghas, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Feabhra 1875
77 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAbtheach Westminster (1875–) Cuir in eagar ar Wikidata
President of the Geological Society of London (en) Aistrigh
1849 – 1851
← Henry De la Beche (en) AistrighWilliam Hopkins →
President of the Geological Society of London (en) Aistrigh
1835 – 1837
← George Bellas Greenough (en) AistrighWilliam Whewell → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Exeter - Máistreacht sna hEalaíona (1816–1821) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreGeolaíocht agus seandálaíocht
Gairmgeolaí, pailé-ointeolaí, múinteoir ollscoile, dlíodóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirÓsta Lincoln (1820–)
Coláiste an Rí, Londain, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalBairnéad Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMary Horner Lyell (1832–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles Lyell  agus Frances Smith
SiblínHenry Lyell
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 9564 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Charles Lyell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 426.