Nuair a cuireadh níos lú ná 1% de charbón le hiarann sa 19ú céad, fuarthas amach gur cóimhiotal an-láidir a bhí mar thoradh air. Cruach ab ea é sin, ábhar a bhí go mór san áireamh i Réabhlóid Thionsclaíoch an 19ú céad. Is é míbhuntáiste iarainn is cruach go meirgeann siad de réir a chéile nuair a nochtar d'uisce iad. Ní mór iad a chosaint air sin le clúdach iomlán péinte. Ach má bhíonn ar a laghad 10% de chróimiam sa chóimhiotal cruach, bíonn a leithéid domheirgthe. An cróimiam ar dhromchla na cruach domheirgthe, imoibrithe le hocsaigin ón aer, cruthaíonn sé brat fíorthanaí atá fíorsheasmhach d'ocsaíd chróimiam, CrO2. Is é an brat seo a dhéanann domheirgthe í. Fiú nuair a ghearrtar an t-ábhar, cruthaítear an brat cumhdaithe ar an dromchla nua-nochtaithe nuair a thagann sé i dteagmháil leis an aer. Ábhar láidir buan aeistéitiúil.[1]

Cruach dhomheirgthe

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruach dhomheirgthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.