Is éard is téaduirlis ann ná gléas ceoil a ngintear an fhuaim trí chrith sreinge rite nó roinnt sreang rite, déanta as caolán, miotal nó níolón. Déantar na creathanna trí bhogha a oibriú thar na sreanga, nó na sreanga a bhualadh nó a phiocadh. Bíonn difríochtaí i líon na sreang is a dtiúnadh, ach de bharr gur deacair sreang amháin a oibriú le bogha gan teagmháil leis na sreanga cóngaracha, fiú agus droichead cuartha ar an ionstraim, de ghnáth ní bhíonn thar 6 shreang ar uirlisí bogha. Bíonn 4 shreang ar na gnáthghléasanna bogha sa cheolfhoireann anois: an veidhlín, an vióla, an dordveidhil is an t-olldord (ach amháin in olldord annamh le 5 shreang). Cuirtear méarchláir in oiriúint ar chuid de na téaduirlisí a phioctar. Seinntear cuid eile le bataí nó casúir, nó pioctar nó méaraítear iad le méara nó figíní. I gcásanna áirithe stoptar na sreanga, de ghnáth le brú mhéara an tseinnteora, chun airdí éagsúla a sheinm, ach seinntear cuid mhaith eile oscailte gan stopadh. Nuair a stoptar iad, bíonn cipíní méire (bandaí ardaithe miotail, caoláin nó adhmaid) ar an méarbhord chun go mbíonn sé éasca na nótaí cruinne a aimsiú is nótaí soiléire a dhéanamh. Is gléasanna pobail cuid mhaith de na huirlisí gan bhogha, agus is í an t-aon cheann a fhaightear i gceolfhoireann an lae inniu ná an chláirseach. Is féidir uirlisí bogha a phiocadh freisin, teicníocht a dtugtar pizzicato uirthi.[1]

Téaduirlisí

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Téaduirlis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.