Stómaí
San luibheolaíocht, is éard is stómaí (ón Ghréigis στόμα, stúma "béal"[1])) ann ná na póireanna (poill bheaga) a bhíonn ar dhromchlaí na nduille i bplandaí agus is trithu a théann an gás isteach (malartú gás) sa duille, tré idirleathadh gásach. Úsáidtear an téarma de ghnáth i dteannta a chéile chun tagairt a dhéanamh don choimpléasc stómach ar fad, ina bhfuil dhá sciathchill agus an phóir féin, dá ngairtear an cró stómach.[2] Is léir a riachtanaí is atá na stomaí d'ionsú dé-ocsaíd charbóin agus ocsaigin i gcás na bplandaí glasa tíre. Bíonn dhá chill phaireincíomach, ar a dtugtar sciathchill nó cill ghardála orthu freisin), a mbíonn cuma maróige orthu, timpeall ar gach stóma agus braitheann méid gach stóma ar an méid uisce a bhíonn sna cealla gardála. Tig leo siúd an poll a leathadh nó a chaolú nó fiú a dhúnadh go hiomlán. Dá mhéad uisce a bhíonn iontu sea is mó a chuarann siad ó chéile agus sea is mó an cstóma. Nuair a bhíonn siad ar bheagán uisce, titeann siad chun a chéile agus caolaíonn an stóma dá réir. Ní hé an líon céanna stomaí a bhíonn san eipideirm uachtarach agus san eipideirm íochtarach araon, agus i gcásanna áirithe bíonn stómaí a bhíonn stómaí in easnamh ar fad ar an epideirm uachtarach. Bíonn cealla na méisifille suite istigh i gcorplár an duille, agus is trí na stómaí a ligtear aer isteach chuig dromchlaí fliucha chuid de na cealla; mura mbeadh an teagmháil sin acu leis an atmaisféar, ní tharlódh ionsú dé-ocsaide charbóin ar chor ar bith. Nuair a bhuaileann dé-ocsaíd charbóin atmaisféarach leis an scannán uisce a bhíonn ar na cealla piolise agus ar na cealla spúinsiúla, tuaslagaann sí; is féidir í a ionsú trí na cillbhallaí ansin.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ στόμα, Henry George Liddell, Robert Scott, A Greek-English Lexicon, on Perseus
- ↑ Esau, K. (1977). "{{{title}}}". Wiley and Sons.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stómaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 629.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |