Staphylococcus aureus frithsheasmhach in aghaidh meiticilline
Baictéar de chineál stafalacocais atá tar éis éirí friotaíoch do na gnáthfhrithbheathaigh is ea Staphylococcus aureus frithsheasmhach in aghaidh meiticilline (SAFM). Tugtar Staf Aureus Meiticillinfhriotaíoch sa ghnáthchaint, agus úsáidtear an téarma céanna ar bhaictéir eile atá éirithe friotaíoch (mar shampla Staf aureus vancamaicinfhriotaíoch.).
Cineál | Staphylococcus aureus |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 12396 |
MedlinePlus | 007261 |
eMedicine | 228816 |
MeSH | D055624 |
UMLS CUI | C1265292 |
Iompraíonn formhór na ndaoine an SAFM ar a gcoirp nó ina sróin agus ní chuireann sé isteach orthu. Tugtar “cóilíniú” ar an mbealach seo a n‐iompraíonn daoine an frídín gan aon dochar a dhéanamh. Má éiríonn leis an SAFM dul isteach sa cholainn, faoin gcraiceann, nó sna scamhóga, mar shampla, is féidir go dtarlóidh ionfhabhtú. Má bhíonn duine tinn cheana féin, is mó an chontúirt go dtarlódh seo, go mór mhór dóibh siúd atá san ospidéal de bharr tinneas trom. Tugtar ionfhabhtú “logánach” ar fhormhór na n‐ionfhabhtuithe SAFM, cosúil le neascóidí, easpaí nó créachtaí ionfhabhtaithe. Tá sé éasca iad seo a chóireáil. I líon beag daoine, áfach, is féidir le SAFM a bheith ina chúis le h‐ionfhabhtuithe tromchúiseacha mar seipticéime (“galrú sruth na fola” nó “nimhiú fola”).Tugtar sárfhrídín air sa ghnáthchaint, ach úsáidtear an téarma céanna ar bhaictéir eile atá éirithe friotaíoch (mar shampla tá VRSA ann freisin, Stafalacocas aureus vancamaicinfhriotaíoch).
Iompraíonn formhór na ndaoine an SAFM ar a gcoirp nó ina sróin agus ní chuireann sé isteach orthu. Tugtar “cóilíniú” ar an mbealach seo a n‐iompraíonn daoine an frídín gan aon dochar a dhéanamh. Má éiríonn leis an SAFM dul isteach sa cholainn, faoin gcraiceann, nó sna scamhóga, mar shampla, is féidir go dtarlóidh ionfhabhtú. Má bhíonn duine tinn cheana féin, is mó an chontúirt go dtarlódh seo, go mór mhór dóibh siúd atá san ospidéal de bharr tinneas trom. Tugtar ionfhabhtú “logánach” ar fhormhór na n‐ionfhabhtuithe SAFM, cosúil le neascóidí, easpaí nó créachtaí ionfhabhtaithe. Tá sé éasca iad seo a chóireáil. I líon beag daoine, áfach, is féidir le SAFM a bheith ina chúis le h‐ionfhabhtuithe tromchúiseacha mar seipticéime (“galrú sruth na fola” nó “nimhiú fola”).
.
Eipidéimeolaíocht
cuir in eagarIs annamh a tharla MRSA roimh na 1980idí, ach anois faightear in an-chuid ospidéal é, agus scaipeann foireann an ospidéil é muna mbíonn a gcleachtadh sláinteachais go maith (is gá dóibh a lámha a ní tar éis tadhaill le hothar agus an timpeallacht iomlán a choinneáil glan).
Bíonn othair áirithe íogair don ionfhabhtú seo is iad lagaithe ag pé galar atá orthu, agus faigheann cuid acu bás uaidh.
Cosc
cuir in eagarTagann MRSA chun cinn má bhíonn duine ionfhabhtaithe á chóireáil ar bhonn fadtéarmach le frithbheathaigh cosúil le peinicillin. Fásann an fhriotaíocht sa bhaictéar de réir a chéile.
Is féidir an t-ionfhabhtú a tholgadh ó dhuine ionfhabhtaithe eile.
Ba cheart baill foirne a thástáil go rialta féachaint an bhfuil siad ag iompar an bhaictéir, agus úsáid na bhfrithbheathach a shrianadh an oiread agus is féidir.
Básanna
cuir in eagar- Alcólach déanta ba ea Rory Gallagher. Tharla coilíniú baictéarach ar a ae[1]. Is féidir le hionfhabhtuithe tinnis áirithe a dhéanamh níos measa agus tháinig ionfhabhtú stafalacocais (MRSA) air.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ https://www.thefreelibrary.com/Booze+didn%27t+kill+my+brother+Rory,+it+was+the+drugs+to+help+his+fear...-a084782459
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 624.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |