Is éard atá i gceist le téadcheathairéad[1] ná grúpa ina bhfuil dhá veidhlín, vióla is dordveidhil, agus/nó píosa ceoil i gcomhair an ghrúpa sin.

RTÉ Vanbrugh Quartet, 2009

Ó lár an 18ú céad, glactar leis an téadcheathairéad mar an gceol is an cheolfhoireann is sásúla i gcomhair ceol aireagail.

Ba é Haydn an chéad chumadóir suntasach téadcheathairéad: bhunaigh sé an struchtúr 4 ghluaiseacht agus scríobh cuid de na sárshaothair luatha sa bhfoirm sin.

Chuir máistrí na Víne, Mozart, Beethoven is Schubert, go mór cruthaitheach leis an bhfoirm. Ba thábhtachtach Bartók is Shostakovich i gcumadh téadcheathairéad níos déanaí.[2]

  1. i mBéarla, string quartet
  2. Hussey, Matt (2011). "Téadcheathairéad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.