Ba cumadóir agus pianódóir Rúiseach é Dmitri Dmitriyevich Shostakovich (Éist(cabhair, comhaid)), nó Дмитрий Дмитриевич Шостакович sa Rúisis. (25 Meán Fómhair 19069 Lúnasa 1975). Feictear air mar ceann de na cumadóirí is tabhachtaí den 20ú haois. Bhí stíl armónach ar leith aige, agus tá suntasacht stairiúil ag baint lena chuid ceoil mar gheall ar na blianta a chaith sé ag obair faoi Stalin.

Dmitri Shostakovich
Dmitri Shostakovich credit Deutsche Fotothek adjusted.jpg
member of the Supreme Soviet of the Soviet Union (en) Aistrigh

Saol
Eolas breithe Cathair Pheadair, Meán Fómhair 12, 1906 (Julian)
Náisiúntacht An tAontas Sóivéadach
Impireacht na Rúise
Bás Moscó, Lúnasa 9, 1975
Áit adhlactha Novodevichy Cemetery (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (ailse scamhóg)
Muintir
Páistí
Oideachas
Alma mater Saint Petersburg Conservatory (en) Aistrigh
(1919 - 1925)
Leibhéal oideachais Doktor Nauk in History of art (en) Aistrigh
Teangacha An Rúisis
Múinteoirí Leonid Nikolayev (en) Aistrigh
Mic léinn German Galynin (en) Aistrigh
Georgy Sviridov (en) Aistrigh
Gairm
Gairm cumadóir, pianódóir, polaiteoir, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, librettist (en) Aistrigh agus múinteoir ceoil
Fostóirí Meyerhold State Theatre (en) Aistrigh
Workers' Youth Theatre (en) Aistrigh  (1930 -  1933)
Saint Petersburg Conservatory (en) Aistrigh  (1937 -
Moscow Conservatory (en) Aistrigh  (1943 -  1948)
Saothar iomráiteach Symphony No. 1 (en) Aistrigh
Symphony No. 10 (en) Aistrigh
Lady Macbeth of the Mtsensk District (en) Aistrigh
Symphony No. 5 (en) Aistrigh
The Nose (en) Aistrigh
Piano Concerto No. 2 (en) Aistrigh
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Ballraíocht Union of Soviet Composers (en) Aistrigh
Serbian Academy of Sciences and Arts (en) Aistrigh
Academy of Arts of the GDR (en) Aistrigh
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Bavarian Academy of Fine Arts (en) Aistrigh
Soviet Peace Committee (en) Aistrigh
Royal Swedish Academy of Music (en) Aistrigh
Accademia nazionale di Santa Cecilia (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne ceoldráma
Siansa
Ceol aireagail
ceol clasaiceach
Uirlis cheoil pianó
Creideamh
Reiligiúin Roman Catholic (en) Aistrigh
Páirtithe polaitíochta Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
IMDb nm0006291
shostakovich.ru
Shostakovich signature.svg

Bhain Shostakovich clú agus cáil amach san Aontas Sóivéadeach faoi phatrúnacht an ceann foirne Sóivéadeach Mikhail Tukhachevsky, ach níos moille bhí caidreamh casta agus deacair leis an rialtas. In ainneoin sin, fuair sé onóracha agus gradaim stáit, agus rinne sé seirbhís i Sóivéid Uachtarach an RSFSR (1947) agus i Sóivéid Uachtarach an Aontais Sóvéideach (ó 1962 go dtí a bhás).

Ilstílí a bhí i Shostakovich. D’fhorbair sé guth hibrideach a thug teicnící ceolta éagsúla isteach ina chuid ceoil. Léirítear codarsnachtaí móra ina cheoil, agus tá eilimintí arrachtach agus tonúlacht éiginnte le fáil ann fosta. Tá tionchar stíle éagsúla feiceálach ina cheoil; mar shampla, an stíl nuachlasaiceach a rinne Igor Stravinsky ceannródaíocht air, chomh maith le Rómánsachas déanach Gustav Mahler, go háirithe ina shiansaí.

I measc saothair ceolfhoirne de chuid Shostakovich, ta 15 siansa agus 6 coinséartó. I measc a shaothair aireagail, tá 15 ceathairéad téadach, cúigréad pianó amháin, dhá tríréad pianó, agus dhá phíosa fa choinne ochtréad téadach. Scríobh sé roinnt píosaí don pianó aonarach, dhá shonáid, tacar réamhcheolta luatha, agus tacar níos déanaí de 24 réamhcheol agus fiúga san áireamh. Chomh maith le sin, scríobh sé trí cheoldráma, roinnt ciogal amhrán, bailéanna, agus go leor ceol scannáin.