Cumadóir ceoil a rugadh i gKaliště na Seice (an Bhóihéim in impireacht na hOstaire ag an am) ab ea Gustav Mahler (7 Iúil 186018 Bealtaine 1911). Ina shaothar tá cuid mhaith amhrán, 9 siansa mórscála, agus siansa neamhchríochnaithe amháin. An t-amhrán is cáiliúla uaidh is ea Das Lied von der Erde (Amhrán an Domhain, 1908–1909).

Gustav Mahler
Photo of Gustav Mahler by Moritz Nähr 01.jpg
Saol
Eolas breitheKaliště, 7 Iúil 1860
NáisiúntachtImpireacht na hOstaire
Cisleithania
Grúpa eitneachna Giúdaigh
BásVín, 18 Bealtaine 1911
Áit adhlacthaGrinzinger Friedhof (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (Ionchairdíteas
seipticéime)
Muintir
AthairBernhard Mahler
MáthairMarie Herrmann
Céile/CéilíAlma Mahler  (1902 -  1911)
Páistí
Oideachas
Alma materOllscoil Vín
University of Music and Performing Arts Vienna (en) Aistrigh
TeangachaAn Ghearmáinis
Mic léinnAnna von Mildenburg
Gairm
Gairmstiúrthóir ceolfhoirne, cumadóir, cumadóir claisiceach agus ceoltóir
Saothar iomráiteachSymphony No. 1 (en) Aistrigh
Symphony No. 8 (en) Aistrigh
Symphony No. 2 (en) Aistrigh
Symphony No. 5 (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíneceol clasaiceach
siansa
Ceol aireagail
IMDbnm0006178
gustav-mahler.org
Discogs ID239236
Mahler-signature.svg
Síniú

Nasc ab ea Mahler idir traidisiún Ostra-Ghearmánach an 19ú haois agus nua-aoiseachas an luath 20ú haois. Cé gur aithníodh a stádas mar stiúrthóir agus é beo fós, ní raibh tóir leanúnach ar a chuid saothar agus le linn an Dara Cogadh Domhanda cuireadh cosc air sna tíortha a bhí faoi smacht na Naitsíoch. I ndiaidh 1945 chuir glúin nua d'éisteoirí fáilte roimh a chuid ceoil, agus bhí sé ar na cumadóirí ba mhó a shaothar seinnte agus taifeadta. Fanann an stádas sin aige go dtí an lá atá inniu ann.

Rugadh isteach i dteaghlach Giúdach a raibh an Ghearmáinis acu. Ba léir a thallann cheoil agus é an-óg.